Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/124

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
62
An Alp-luaċra.

Is mar sin ḃí siad ag árgúint agus ag cuiḃlint go dtí an oiḋċe, agus fuair an déirceaċ leabuiḋ tuiġe annsa’ sgioból agus ṫosuiġ sé ag árgúint arís air maidin go mbuḋ ċóir dul go dtí an Prionnsa, agus ḃí an ḃean agus an inġean air aon ḟocal leis, agus fuair siad buaiḋ air an ḃfear tinn, faoi ḋeire; agus duḃairt sé go raċfaḋ sé, agus duḃairt an inġean go raċfaḋ sise leis, le taḃairt aire ḋó, agus duḃairt an déirceaċ go raċfaḋ seisean leó-san le taisbéant an ḃoṫair dóiḃ. “Agus béiḋ mise,” ars an ḃean, “air ṗonc an ḃáis le h-imniḋe ag fanaṁaint liḃ, go dtiucfaiḋ siḃ air ais.”

D’úġmuiġ siad an capall agus ċuir siad faoi an gcairt é, agus ġlac siad lón seaċtṁuine leó, arán agus bagún agus uiḃeaċa, agus d’imṫiġ siad leó. Níor ḟeud siad dul ró ḟada an ċeud lá, mar ḃí an fear tinn ċoṁ lag sin nár ḟeud sé an craṫaḋ a ḃí sé fáġail annsa’ g-cairt ṡeasaṁ, aċt ḃí sé níos fearr an dara lá, agus d’ḟan siad uile i dteaċ feilméara air taoiḃ an ḃóṫair an oiḋċe sin agus ċuaiḋ siad air aġaiḋ arís air maidin, agus an troṁaḋ lá annsan traṫnóna ṫáinig siad go h-áit-ċóṁnuiḋe an Phrionnsa. Bhí teaċ deas aige air ḃruaċ an loċa, le cúṁdaċ tuiġe air, ameasg na g-crann.

D’ḟág siad an capall agus an cairt i mbaile beag a ḃí anaice le háit an Phrionnsa, agus ṡiúḃail siad uile le ċéile go d-táinig siad ċum an tiġe. Chuaiḋ siad asteaċ ’san g-cisteanaċ agus d’ḟíaḟruiġ siad, “ar ḟeud siad an Prionnsa d’ḟeicsint.” Duḃairt an searḃfóġanta go raiḃ sé ag iṫe a ḃéile aċt go dtiucfaḋ sé, b’éidir, nuair ḃeiḋeaḋ sé réiḋ.

Ṫáinig an Prionnsa féin asteaċ air an móimid sin agus d’ḟiaḟruiġ sé ḋíoḃ creud do ḃí siad ag iarraiḋ. D’éiriġ an fear tinn agus duḃairt sé leis gur ag iarraiḋ conġnaṁ ó na onóir do ḃí sé, agus d’innis sé an sgeul