Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/122

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
60
An Alp-luaċra.

amadáin uile go léir, agus gurb’é rud eile amaċ ’s amaċ a ḃí air ḟear-an-tiġe, agus gaċ ainm a ḃí aca air a ṫinneas an t-am so, ḃí sé dá uair, ’s trí huaire níos faide ’ná roiṁe sin. D’ḟág siad buidéul no cúpla buideul le n-ól ag an ḃfear boċt, agus d’imṫiġ siad leó, ag magaḋ faoi an rud a duḃairt na mná gur ṡluig sé an alp-luaċra.

Duḃairt an déirceaċ nuair ḃí siad imṫiġṫe. “Ní’l iongantas air biṫ orm naċ ḃfuil tu fáġail beisiġ má’s amadáin mar iad sin atá leat. Ní’l aon doċtúir ná fear-leiġis i n-Éirinn anois a ḋéanfas aon ṁaiṫ ḋuit-se aċt aon ḟear aṁáin, agus is sé sin Mac Diarmada, Prionnsa Chúl-Ui-Ḃfinn air ḃruaċ loċa-Ui-Ġeaḋra an doċtúir is fearr i g-Connaċtaiḃ ná ’sna cúig cúigiḃ. “Cá ḃfuil loċ-Ui-Ġeaḋra?” ars an duine tinn. “Shíos i g-condaé Shligíġ; is loċ mór é, agus tá an Prionnsa ’nna ċóṁnuiḋe air a ḃruaċ,” ar sé, “agus má ġlacann tu mo ċóṁairle-se raċfaiḋ tu ann, mar ’s é an ċaoi ḋeireannaċ atá agad, agus buḋ ċóir duit-se, a ṁáiġistreas,” ar sé ag tiontóḋ le mnaoi an tiġe, “do ċur iaċ (d’ḟiaċaiḃ) air, dul ann, má’s maiṫ leat d’ḟear a ḃeiṫ beó.”

“Maiseaḋ,” ars an ḃean, “ḋeunfainn rud air biṫ a ṡlánóċaḋ é.”

“Mar sin, cuir go dti Prionnsa Chúil-Ui-Ḃfinn é,” ar seisean.

“Dheunfainn féin rud air biṫ le mo ṡlánuġaḋ,” ars an fear tinn, “mar tá’s agam naċ ḃfuil a ḃfad agam le marṫain air an t-saoġal so, muna ndeuntar rud éigin dam a ḃéarfas congnaṁ agus fóiríġin dam.”

“Mar sin, téiḋ go dtí an Prionnsa,” ar san déirceaċ.

“Rud air biṫ a ṁeasann tu go ndeunfaiḋ sé maiṫ ḋuit buḋ ċóir ḋuit a ḋéanaṁ, a aṫair,” ars an inġean.

“Ní’l dadaṁ le déanaṁ maiṫ ḋó aċt dul go dtí an Prionnsa,” ars an déirceaċ.