Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/112

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
50
An Alp-luaċra.

Ṫáinig an traṫnóna, aċt ḃí an duine boċt annsan gcaoi ċeudna, agus b’éigin dóiḃ fios ċur air an doċtúir. Bhí sé ag ráḋ go raiḃ pian air, agus naċ raiḃ ḟios aige go ceart cad é an áit ann a raiḃ an ṗian, agus nuair naċ raiḃ an doċtúir teaċt go luaṫ ḃí sgannruġaḋ mór air. Bhí muinntir an tiġe ag deunaṁ uile ṡóirt d’ḟeud siad ḋeunaṁ le meisneaċ a ċur ann.

Ṫáinig an doċtúir faoi ḋeire, agus d’ḟiafruiġ sé ḋé creud do ḃí air, agus duḃairt seisean arís go raiḃ rud éigin mar éinín ag léimniġ ann a ḃolg. Noċtuiġ an doċtúir é agus rinne sé ḃreaṫnuġaḋ maiṫ air, aċt ní ḟacaiḋ sé dadaṁ a ḃí as an m-bealaċ leis. Chuir sé a ċluas le na ṫaoiḃ agus le na ḋruim, aċt níor ċualaiḋ sé rud air biṫ ciḋ gó raiḃ an duine boċt é féin ag ráḋ--"Anois! Nois! naċ g-cluinn tu é? Nois! naċ ḃfuil tu ’g éisteaċt leis, ag léimniġ?” Aċt níor ṫug an doċtúir rud aír biṫ faoi deara, agus ṡaoil sé faoi ḋeire go raiḃ an fear as a ċéill, agus naċ raiḃ dadaṁ air.

Duḃairt sé le mnaoi an tiġe nuair ṫáinig sé amaċ, naċ raiḃ aon rud air a fear, aċt gur ċreid sé féin go raiḃ sé tinn, agus go g-cuirfeaḋ sé druganna ċuige an lá air na ṁáraċ a ḃéarfaḋ codlaḋ maiṫ ḋó, agus a ṡoċróċaḋ teas a ċuirp. Rinne sé sin, agus ṡluig an duine boċt na druganna uile agus fuair sé codlaḋ mór arís aċt nuair ḋúisiġ sé air maidin ḃí sé níos measa ’ná ’riaṁ, aċt duḃairt sé nár ċualaiḋ sé an rud ag léimniġ taoḃ astiġ ḋé anois.

Chuir siad fios air an doċtúir arís, agus ṫáinig se aċt níor ḟeud sé rud air biṫ ḋeunaṁ. D’ḟág sé druganna eile leis an ḃfear, agus duḃairt sé go dtiucfaḋ sé arís i g-ceann seaċtṁuine eile le na ḟeicsint. Ní ḃfuair an duine boċt fóiriġín air biṫ as ar ḟág an doċtúir leis, agus nuair dáinig an doċtúir arís fuair sé é