Page:Beatha Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin - Dineen.djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
5
Beaṫa Eoġain Ruaiḋ Uí Ṡúilleabáin.

laoiḋṫiḃ gur ṫáiṫniġ uaisleaċt is ceannas le n-a ċroiḋe. Adeir sé le Máire, i n-a aṁrán:—

“Is fearra liom féin ’ná barra do spré
Tú d’eascar de ṗréam-stoc deaġ-ṫar;
Aicme fuair réim is gradam is géilleaḋ
I ḃfearannaiḃ Ċéin is Fáilḃe;"

agus is le croiḋe cráiḋte adeir sé i n-a litir ċum sagairt:—

“Scaipeaḋ na ḃfeara-ċon calma, cróḋa, caoin,
Is leagaḋ na ḃflaṫa ba ḟleaḋaċ i ndóntaiḃ Gaoiḋil,
A mbeaṫa gan aisiog ag Gallaiḃ le foirnirt dliġiḋ,
Do ċuir sealad ċum teagaisc go Glaise na Teoraḋ
sinn.”

Do ṫoġadar muinntear Ṡúilleaḃáin Ċeapaiġ na Coise Mainistear Loċa Léin mar ionad anacála. Is adeirtear gnr cuireaḋ na litreaċa “S. M. R.” ar an dtuamba. Is é ċialluiġeann na litreaċa so, “Slioċt Ṁic Craiṫ Ruaiḋ.”

Is deiṁin gur lean ruaiḋeaċt Ṁic Craiṫ d’á ṫoír- ċeas. Is ní haon Eoġan Ruaḋ aṁáin do ḃí orṫa. Ḃí file do’n ċineaḋ sain ar a dtráċtann an caoineaḋ do rinneaḋ do Ṁuirċeartaċ óg ’san mbliaḋain, 1737— “Eoġan Ruaḋ do ċeapaḋ na dréaċta,” agus atá a lán d’á ċuid dréaċt againn fós gur mór an truaġ gan a gcur i n-eagar. D’ḟan treaċ Ċeapaiġ na Coise ’san tsean-áit—nó cuid aca—go haimsir ċogaiḋ Ċormaic le n-a Ċoṁairle, agus is dian do ċosnadar iad féin ar aṁasaiḃ Ċareu. Aċt do cuireaḋ fán fada orṫa san