Page:Beatha Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin - Dineen.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

BEAṪA

Eoġain Ruaiḋ Uí Ṡúilleaḃáin.


AN CÉAD ALT.


MUINNTEAR ṠÚILLEAḂÁIN.

Do ṫreiḃ Uí Ṡúilleaḃáin Ċeapaiġ na Coise do b’eaḋ Eoġan Ruaḋ. Ba ṁór le ráḋ ’san ḋúṫaiġ seo an treaḃ sain le sínpearaiḃ. Ḃí a gcaisleán ’na ṡeasaṁ ar ḃruaċ na bóċna, ar an dtaoḃ ṫiar do Ċionn Mara. Do ḃí ceann dos na taoiseaċaiḃ sin ’na “árd-ḟlaiṫ” ar ṁuinntir Ṡúilleaḃáin go léir le na linn—ḃí Mac Craiṫ Ruaḋ ’na Ua Ṡúilleaḃáin Ṁór. Agus is ó Mac Craiṫ Ruaḋ do ṡíolruiġ Eoġan. Do fuair a ḋearḃráṫair Ruiḋri Donn an flaiṫeas i ndiaiḋ Ṁic Craiṫ, is b’éigin d’á ṁac Doṁnall ḃeiṫ sásta le háḋḃár beag talṁan i dTeampul Nuaḋ is ’san mBaile Ḃog. Níor ṫeip léiġeann ná meanma riaṁ ar an treiḃ sin Ċeapaiġ na Coise. Aċt níor ḃ’fuláir dóiḃ scaipeaḋ ó n-a ċéile le luiġead a gcuid faġáltais. D’éag ceiṫre craoḃaċa do’n treiḃ seo ’na bpíoṁ-áit coṁnuiġṫe i ndiaiḋ a ċéile. D’aistriġ craoḃ díoḃ go Claonġlais, san séiseaḋ haois déag. Do ċuaiḋ craoḃ díoḃ go Ceapaċ Ruaḋ, is craoḃ eile go Grianán; aċt is ar Ċeapaċ na Coise do fuaradar go léir a mbeaṫa, cioḋ