Page:An t-oileanach.djvu/98

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


agus gan aon staonadh orm ach ag tarrac uirthi cad deire liom ná gur chuaidh ró ghairid di agus do thug fogha ar ghreim do bhaint asam; agus do bhain go cruinn, mannt groidhe as cholpa mo choise, an méid go bhfuair a ceithre cláir-fhiacal tosaigh greim air agus thug léi glan an greim sin amach as mo chois. Níor ghéilleas do cé go raibh fuil ag teacht ’n-a shlaoda as comh mór is bhí as an rón.

Seadh, do bhí an rón tuitithe liom insa deire agus níor mhór ná go rabhas féin, leis, tuitithe agus ba dhóbair go mbeadh deire mo shaoghail istigh an uair d’fhéachas go cruinn ar mo chois agus chonnac an cannta bhí aisti agus an tobar fola do bhí ’á fágaint.

Ní mór ná go raibh fuil mo chroidhe silte agam, dob éigean dom an bhest bheag do bhí orm do bhaint díom agus í chasadh timcheall na coise agus an córda do bhí tharm aniar ’á coimeád. Do bhí an t-uisce ag teacht agus an tráigh ag líonadh agus gan an rón ró fhada ó’n uisce agus bhí eagla orm go scuabfadh an fhairrge uaim arís í tar éis mo dhuaidh agus fós gan aenne ag teacht im’ ghoire ná im’ ghaor agus eadartha bó an uair sin ann, agus tré gach machtnamh breac-shúil agam ’á thabhairt ar an gcois agus srothán fola aici ’á shéideadh.

Fé dheire, agus me ar bheag-bhrí insan am san, do chonnac fear ar barra anáirde agus do tháinig orm anuas go tapaidh. Úncail dom dob eadh é go dtugaimís Diarmaid na mBeach air. Do bhí iongnadh air agus dubhairt sé ná feacaidh sé, marbh, rón comh mór léi riamh.

“Tá an rón agam, Úncail,” arsa mise, “ach táim féin gan cos.”

Ní mór ná gur thuit sé nuair a chonnaic sé an greim gránna bhí aisti. Níorbh’ fhada gur tháinig fear agus fear eile orainn agus do chuireamair suas thar barrataoide í agus thánamair abhaile.

Do chaill mo mháthair a meabhair agus m’ athair, leis, nuair a chonnacadar an cannta bhí amach as mo chois agus níor mhór