agus is minic a deintí de chórda bhog cadáis nó lín é. Is minic a bheadh sliogán mór i n‑ionad slige mar ghléas soluis. Níl dát agam leis an bpairifín a theacht. Cadhrán móna nó scolb giúise, a chloisinn eatartha, do bhíodh fadó riamh ann.
Do chaitheas féin tamall as m’óige ar dhá bhiadh insa ló. Bhíodh obair mhór déanta gach maidean, i dtráigh nó i gcnoc nó i ngort, agus na ba ag teacht ’á gcrúdh, san am go mbíodh biadh na maidine le fagháil agam. Bhíodh an ghrian ag tuitim siar síos go maith an uair a bhíodh biadh an tráthnóna agam. Ní bricfeast ná suipéar a bhíodh mar ainm againn ar na béilí sin ach mar sin.
Prátaí agus iasc, agus má bheadh braon bainne ann, an biadh insan am san. Ar dhul as na prátaí bhíodh min bhuidhe ann ná bíodh ach sciligthe—ná beadh aon dul age sna daoine atá anois ann cóir ná comhthrom do bhaint de’n arán a dheineadh sí, ’e cheal cairbe. ’Sé is truagh liom nach é an biadh céadna indiu agam é agus cairb chun a mheilte agam, agus sláinte.
Insan am san agus me óg, dhá chloich phlúir a thagadh chun na Nodlag. Bhíos im’ fhear sara dtáinig aon té agus an uair a thárlochadh púnt té ann chun na Nodlag bheadh sí spártha agus cuirfí i dtaisce í go dtí Nodlaig arís.
Ach tá atharach puirt anois le fada againn i gcúrsaí bídh; arán plúir againn, té, siúicre. Bíonn cuid aca ag blaistínteacht cheithre h‑uaire sa ló le biadh. Bhíodh oiread bídh caithte gach béile an uair úd agam leis na cheithre bhéile seo. Do mhaireadh daoine an uair úd dhá lá ar an mbéile sin má ba ghádh é. Ní raghadh fear faid píce anois an uair do bheadh sé tuitithe ar a thóin mar ná bíonn an béile caithte aige ach an suarachas ar fad.