II
I n‑AOIS SCOILE DHOM
Tháinig lá ana-bhreagh. Lá Domhnaigh do b’eadh é. Do thug rud éigin bád mór ó Dhúnchaoin isteach (ní raibh aon chur amach ar naomhóga an uair sin, agus is fada ’n‑a dhiaidh go raibh). Nuair do shroich an bád an calath, dubhairt na daoine go raibh bean uasal innti, ach b’í bean í ná máighistreás scoile. Ar chlos an scéil sin domh-sa, níor chuir sé puinn suilt orm, mar is sid é an t‑am díreach do bhíos ag tosnú ar bheith ag imeacht ag slat-fhiadhach dam féin ó thráigh go cnoc agus gan aenne ag faire im’ dhiaidh an uair seo, mar bhíos im’ chleithire fir dar leó, slat bheag agam agus dubhán ceangailte ’n‑a barra. Bhíodh fiche donán bainte amach as phuill age gach garsún againn; seilg neamh-maitheach ach bhíodh peataí faoileann againn agus bhíodh na donáin an-áisiúil dóibh.
Seadh! Dia Luain, tar éis bídh na maidine do bheith caithte, ní raibh fear an bhríste ghlais le fagháil. Bhí na gearrchailí ullamh chun scoile, ach ní raibh an fiadhaire le fagháil. Cuireadh Máire amac ar mo thuairisc ach thug sí cúntas chun mo mháthar go rabhas a’ lorg dhonán, agus beirt i n‑éineacht liom, Seán Mháiréadh agus Micil Pheig.
“Bíodh an lá indiu leis, agus go raibh m’anam-sa age Dia amáireach,” arsa mo mháthair, “má shleamhnuigheann sé i gan ’fhios domh-sa.”