sé siar, chonnaic sé an peata ar snámh do féin. Do chuir sé an gatha ceangailte insa bhríste ghlas thiar i n‑árd mo thóna, do thug isteach me go deire an bháid, do tharraig sé an dorú agus do bhí a dhóithin cúraim air an breac do thabhairt isteach—eascú mhór ghroidhe go raibh sé troighthe innti. Isé eagla is mó bhí orm-sa go marbhóchadh mo mháthair me i dtaobh mo bhríste do bheith fliuch. Bhí na mná óga a scartghail gháirí fúm ach ná raibh aon choinnlíocht ionnam chun aon mhustar a bheith ag baint liom. Fairceallacha d’óg-mhná, an uair sin, amach go dtí n‑a mbuilg, a’ folamhú na mbád, agus iad comh teann, comh téagartha le h‑aon chailíní do bhí riamh i nÉirinn.
Ar theacht abhaile dham agus me ar láimh aige Nóra, nó go rabhamair i n‑aice an tighe, do chuireas stailc suas ansan! agus dubhart le Nóra ná raghainn a thuille, mar go marbhóchadh mo mháthair me. Bhí an bhean eile a’ bladaireacht liom ’á rúdh ná déanfadh. B’é toil an tsaoghail gur tháinig m’athair orainn, agus cliabh éisc air: “Cad tá ansan uait, a Nóra; ná tabharfá é sin abhaile leat agus é fuar fliuch?”
“Ní raghadh sé liom,” ar sise, “tá eagla air roime mham.”
“Ó, téanam leat, a Thomáis, a bhuachaill. Mise fé ndeara thu bheith fliuch, mar is me ghlaoidh ort,” arsa m’athair.
Rug sé ar láimh orm, agus do bhogas leis chun siubhail. Nuair do chuas isteach, ní raibh oiread mire ná cleas a’ baint liom agus ba ghnáth liom. D’aithin mo mham go raibh rud éigin sa treis agam. Chuir sí am shuidhe i n‑aice na teine me, mar do cheap sí gur rud éigin eile do bhí orm; ach is gairid go raibh leac na teine fliuch báithte agam. Tháinig m’athair isteach.
“Ar bhainis a chuid éadaigh do san fós agus é fliuch báidhte air?” ar seisean.
Bhí an eascú aige ’á tharrac ’n‑a dhiaidh. Do thug isteach í, agus do bhí faid an tínteáin innti.
“Dhera, an b’amhlaidh do chuaidh sé i bhfarraige?” ar sise.