Page:An t-oileanach.djvu/276

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


tsaoghal a chonnac féin agus go rabhas ag bruic leis, a dhul amú, agus go mbeidh ’fhios im’ dhiaidh conus mar bhí an saoghal lem’ linn, agus na comharsain do bhí suas lem’ linn. Ó lasadh an chéad teine insan oileán so níor scríobh aenne a bheatha ná a shaoghal ann. Adhbhar maoidhimh domh-sa mo scéal féin agus scéal mo chomharsan a chur síos. ’Neosaidh an scríbhinn seo conus mar bhí na h-oileánaigh ag déanamh sa tsean-aimsir. Théigheadh mo mháthair ag tarrac na móna agus mise hocht mbliana déag d’aois. Dheineadh sí é d’fhonn go bhféadfainn-se dul ar an scoil, mar gur fánach a bhíodh fagháil ar scoil againn. Tá súil le Dia agam go bhfaghaidh sí féin agus m’athair an Ríoghacht Bheannaithe; agus go mbuailfead-sa, agus gach n-aon a léighfidh an leabhar so im’ dhiaidh, leo i nOileán Parrthais.

(CRÍOCH.)

An Blascaod Mór, 1926.