Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/272

From Wikisource
This page has been proofread.

seachtaine im’ theannta. Deireadh sé an t-Aifreann gach lá dúinn. Tháinig sé thar n-ais agus thugas mí ’n-a theannta. Sinn i gcabhair a chéile ag ceartú a bhfuil insa “Réilthíní Óir.” Do bhíodh hocht n-uaire ’chluig suidhte síos gach aon lá againn; dhá théarma insa ló—cheithre h-uaire ar maidin agus cheithre h-uaire tráthnóna—ar feadh an mhí. Sin é an mí is mó do ghoill riamh orm, ar muir nó ar talamh.

Do bhí mac dom i Meirice ar feadh dá bhliain déag. Tháinig sé abhaile timcheall na h-aimsire sin, é féin agus a bhean agus beirt leanbh. Do bhí sé ar bórd aon luinge leis an Árd-Easpog Mannóg an uair a tógadh as an luing é. Níor fhan sé im’ theannta ach leath-bhliain san am gur thug sé fé anonn arís agus d’fhág annsan me. Ní raibh seilg ná faic ’á dhéanamh le linn dóibh teacht ach aon phúintín d’ár thugadar leo anall ’á chaitheamh aca agus is é rud adubhairt sé má leanfadh an saoghal mar bhí sé aon achar fada gur caithte bheadh pé pinginn a thug sé leis—agus do bhí ’n-a bhóthair ag teacht—agus gurbh’ amhlaidh ná beadh sé thall ná i bhfus aige. Is é mo thuairim go raibh an ceart aige.

D’fhág an seana-phinsinéir de dhritheáir me an uair a thánadar san abhaile. Do glacadh isteach i dtigh i nDúnchaoin é agus tá sé fós ann agus é cheithre fichid bliain.[1]

Tá buachaill eile de mhac dom im’ theannta agus is éigean do fanúint timcheall an tighe mar níl mór-mhaith ionnam-sa ach a bhfuil im’ theangain. Níl bó ná capaill, caora ná uan, naomhóg ná bád againn. Bíonn dorn prátaí agus an teine againn. Táim seacht mbliana fichead ceangailte insa teangain seo agus tá seacht mbliana déag ó casadh an Lochlannach, Marstrander, chugham. Bíonn rud éigin ag teacht im’ threo anois agus arís i mbéal a chéile ná fágann aon mhór-ghanntar orainn. Is mó spreallaire a chloisim ’á rádh ná fuil aon mhaith sa teangain dúthchais; ach ní mar sin a fuaireas-sa í. Mara mbeadh í is ag agall na déirce bheinn-se.

  1. Cailleadh ó shin é—F.E.