ar conus mar imigh sí agus mar chaill sí féin a criú agus í buailte ar an dtráigh agus nár féadadh aon duine amháin do shaoradh acu. Sí an bhean bhéal-dorais agus mo mháthair gur thógas-sa mo cheacht uatha, mar bhíodh a gcómhrádh i dteannta chéile go minic.
Ní raibh luid seólta ar an luing seo ach aon ghiobal amháin do bhí ar an gcrann tosaigh. B’éigean do í scaoileadh fé’n dTráigh Bháin. Do bhuail sí i bhfad amach, toisc í bheith ládálta. Do chuir na fearaibh do bhí ar bórd ailp adhmaid ar cheann téide ach níorbh’ fhéidir leó teacht i dtír. Dubhairt na daoine ná feacadar riamh aon lá stoirmeach ba mhó ná é. Bhí an ghaoth thríd an dtráigh amach. Tar éis an tsaoghail, do tháinig bloc ó’n luing isteach i n‑áit éigin de’n dtráigh. Do tharraig an dream istigh agus na fearaibh amuich ar an dtéid ach, mo léir, do bhris an téad, agus b’eo leis na fearaibh thríd an anaithe ó dheas.... Níorbh ’fhearrde de na h‑oileánaigh ó shin an radharc san. Do scoilt an long tamall ’n‑a dhiaidh sin.
Má chaill sí fearaibh féin, do mhair na mílte d’á deascaibh an bhliain ba mheasa de’n Droch-shaoghal. Do shábháil na h‑oileánaigh na mílte mála de’n chruithneacht, do dhein a ndóithin agus dóithin ar bhain leó ar feadh i bhfad. Ní bheadh aoinne beó ins an oileán so mara mbeadh í, agus níor chuaidh sé gan rádh ón gcailligh ná gurbh’ é Dia do chuir chun na mbocht í.
Ní raibh Eibhlín ach seachtain ar an saoghal so nuair a bhuail an long; maireann sí insa Talamh Úr fós. Trí bliana atá an pinsion aige n‑a cómh-aois insa tír seo. Fágann san trí bliana déag agus trí fichid í. Bhí mo mháthair ar an dtráigh, cé gur sé lá do bhí ó leabaidh an luighe-sheóil aici. Bhí Pádraig, mo dhritheáir, comh cruaidh is go raibh sé féin, leis, ann, ach is mó an díobháil do dhein sé ann ná mhaitheas, mar ná raibh ciall a dhóithin aige, gan súil do bheith ’na dhiaidh. Bhí mórán rudaí ag teacht isteach; agus mórán eile ná tagadh, toisc na gaoithe do bheith amach. Bhí an chruithneacht