lic cad a bheadh ann ná éadach agus bróga an té ná raibh le fagháil. Tháinig greannúireacht ortha agus bhogadar an bóthar abhaile gan a thuille fiadhaigh.
Ar shroichstint na dtighthe dhóibh níor mhaith leo an tuairisc chruinn a thabhairt do’n athair ach do bhí cara dhomh-sa ar na buachaillí agus is é comhairle dheineadar ná teacht agus é innsint chun tosaigh dom agus leigeant domh-sa é chur i n-iúl d’á mhuinntir.
Ní mór ná gur chuaidh sé chomh h-olc domh-sa leo-san. Pé scéal é an uair do bhuail Diarmaid bocht liom go h-obann thugas cogar do agus dubhart leis: “Tá san imithe agus é caointe go maith cheana agat agus tá sé comh maith agat an méid seo d’á thuairisc do thógaint bog,” arsa mise leis.
“Déanfad,” ar seisean.
D’innseas do.
Trí seachtaine ’n-a dhiaidh sin do ghaibh a chorp timcheall leis an bhfairrge mhóir agus do bhuail naomhóg ó’n Oileán leis agus thugadar chun cinn é agus tá sé curtha i Rinn an Chaisleáin insa Bhlascaod Mór. Beannacht na nGrást le n’anam!