na tighthe agus ag gluaiseacht chun na naomhóg. Do bhí iascairí eile an Oileáin ’n-a gcnap suain ó thosach na h-oidhche.
Dob’ ’eo leis na cheithre naomhóga againn agus níor stadamair nó gur bhaineamair amach an lanntán de’n bhfairrge go raibh an t-iasc braithte againn roimis sin insa scríb. Do chaitheamair amach na líonta agus ní ró fhada do bhíodar amuich an uair a cloisfá clagairt ag iasc ag dul isna líonta, chun cinn siar.
An naomhóg ná raibh a lán ’n-a líonta féin do bhí oiread le fagháil ó naomhóig eile aici agus ná tabharfadh sí léi agus tar éis gach beart dob’ éigean cuid de’n iasc a scaoileadh leis an muir, agus cuid de sna líonta. Do bhí an mhaidean i n-aice linn agus tháinig na cheithre cinn de naomhóga isteach go dtí an calath lán go bruach faid a bhí sé ’n-a gcumas aon mhairciréal amháin a thabhairt leo. Do bhí an mhaidean go h-álainn ciúin agus thug na cheithre cinn de naomhóga againn fé Dhaingean Uí Chúise, d’fhairrge mar do bhíodh scilling bhreise le fagháil insa chéad air annsan agus toisc na breise bheith againn de dubhramair go dtiocfadh sé chun suimiúlachta dhúinn seachas é thabhairt go Dúnchaoin agus díol le capaill.
Do bhuaileamair anáirde na seolta agus do bhí bolath maith na gaoithe ’ár ndiaidh—rud d’oir go maith dúinn mar do bhí na naomhóga síos go slait. Do shroicheamair an cé fé dheire gan mórán ar fad aimsire a thógaint leis agus do cheannuigh aon cheannathóir amháin gach a raibh sa cheithre naomhóga ar a cúig déag an céad.
Sean-fhocal iseadh é “nach gnáthach iasc age liairní díomhaoine.” Do bhí iasc againn-ne mar nár liairní sinn; ach an muinntir a bhí amhlaidh, agus ’n-a gcodladh, ní raibh iasc aca.
Do bhí sparáin airgid againn-ne insan am so. Do bhí os cionn trí mhíle is gach naomhóig againn. Chuamair ’on phroinn-teach ar dtúis agus ’n-a dhiaidh sin ’on tábhairne. Do bhí leath-dosaon amhrán leis againn. Níorbh’ iongnadh san; má bhí bochtáin féin ar ár gcine ní sinn-ne iad insan am san.