tamall breoite. Níor bhe’ leis an fhaid a bhí sé ar an saoghal so. Mar adubhairt sé féin:
- Níl aon rud is measa ná maireachtaint críona
- Ní fhanann aon bhinn ag aenne ort.
Do bhí árd-mheón ag an bhfile agus é óg. Ba lán-mhinic a chloisinn mo mháthair ar trácht thairis. Do bhí sí sin suas le n-a linn. Do bhí árd-smuirt agus fuinneamh ann—é ag léimeadh gach claidhe ag dul go dtí Aifreann gach Domhnach; agus é le h-aithint ameasc na bhfear a bhíodh ’n-a threo do shíor ar a ghluaiseacht agus ar a mheon. Do bhí aithne agam féin ar a mheón thar cách eile, cé go raibh sé críona lem’ linn.
Dar liom gur i mBaile na Rátha i nDúnchaoin do bhí an chéad nead aige, sé sin an cliabhán. ’Na cliamhain isteach a’ tháinig sé ’on Oileán so go dtí bean de mhuinntir Mhainnín, bean iongantach. B’í do chuir deire le báilí agus leis na tiománaithe do bhíodh ag teacht go dtí an áit seo i n-aghaidh an lae ag scrios na mbochtán ná raibh aca féin ach an ghorta.
Tháinig an báile i mullach an tighe aici agus do bhí ’á leagadh agus do scaoil plannc de anuas uirthi agus anuas ar a scata leanbh a bhí go lag. Rug sí ar an ndeimheas nua, d’oscail í—beann de amach agus beann de siar. Bean láidir—bean bhuile. Níor bhraith an báile nó gur bhraith sé beann an deimhis ceangailte i n-árd a thóna aici. Níorbh’ é díon an tighe do ghaibh isteach thríd an bpoll an uair seo ach streall d’á chuid fola. B’é siúd an báile deire ó shin.
Do bhí Ó Duinnshléibhe mí-bhuidheach do’n dream do shlad a chaora air, agus ba threise ’á thuilleamh iad, gurbh’ éigean do an t-amhrán millte do cheapadh dhóibh.[1] Do chuir sé tamall d’á shaoghal de go lom dealbh, ar nós a thuille nárbh é. Níor cuireadh luach pingine riamh ’n-a leith ach in’ fhear grinn do shíor. Beannacht Dé leo go léir.
Níor ró fhada tar éis teacht abhaile dom an t-am gur
- ↑ “An Chaora Odhar,” amhrán aoir do dhein an file ar dhaoine a ghoid caora uaidh.