chliabhán me níor chas aenne riamh mo bhreallaighe ná mo dhroch-mhúinteacht liom. Do thagadh dream nua go dtí an bórd an uair do bhíodh an chuid eile réidh, nó go raibh a raibh istigh sásta agus cuid bheag cainnte bhíodh ar siubhal aca nó go dtagadh an bocaod timcheall anois agus arís.
Do chaitheamair mar sin cuid mhaith de’n oidhche; tobac ar siubhal go tiugh; cuid aca do chuir a bpíp trí h-uaire go dtí pláta an tobac chun iad d’fhagháil lán thar n-ais; agus san déanta aca sara raibh an lá breac. Timcheall a dó a chlog do shín an fear so do bhí i n-aice liom a mhéar anonn go dtí an taobh eile ’thigh mar a raibh tuighe agus brus agus cad a bheadh le feiscint ann ná a raibh de mhná insa tigh agus míogarnach codlata ortha tar éis gach gíotáil a bheith i leath-taoibh an uair seo aca.
Ar amharc na maidine do bhí biadh eile ar siubhal, ach níor bhac an mhuinntir a bhí i n-aice a dtighthe féin leis. Um meán lae nó a h-aon a chlog do bhí na daoine ar fad bailithe chun na sochraide agus an uair a tháinig an sagart dob’ ’eo leo agus a n-aghaidh chun na cille. Ach ní raibh an t-aistear fada. Is i nDúnchaoin do bhí an teampall dúthchais.
Dob’ é seo an tórramh is mó gur chuireas suim ann. An fáth—toisc deoch do bheith ann agus ná feaca a leithéid roimis sin. Ní mór na torraimh ó shin ná go mbeadh soitheach agus dhá cheann ortha, agus ní mholaim an dlí sin; mar is gnáthach, aon áit go mbíonn an deoch, go leanann beagán de’n rangcás í agus níl san oiriúnach do thigh de’n tsórt san.
Lá Domhnaigh do bhí an tsochraid ann agus an méid ó’n Oileán do bhí i dtir do bhíodar innti agus uim árd an tráthnóna seadh do bhaineamair amach ár dtighthe féin. Ba mhinic a chloisinn na sean-daoine ’á rádh gur mheasa do théigheadh turus ’on bhaile mór dóibh ná seachtain oibre age baile agus do bhí san fíor, ach do bhí seachtain ó’n dtigh againn an turus so toisc na muc a bheith againn, ar a shon