Page:An t-oileanach.djvu/240

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

gcúinne de shíor ortha so do bhí ag riaradh, níor thug aenne druim láimhe leis an mbocaod ná leis an earradh do bhí ann gur shroich sé me féin mar a rabhas. Thugas-sa cúl mo láimhe leis agus do bhí iongantas mór ar fhear a riartha. Ní h-amhlaidh gur mhaith liom acht a bhriseadh, mar nár dheineas riamh, ach nár chuireas suim insa deoch do bhí ar siubhal mar nár mhór gur bhlaiseas riamh é. Leis sin, an té go raibh fios ceart mo mheoin aige—sé sin fear an tighe, do bhí seisean le n-a shála agus a bhuidéal uisce beathadh aige agus gloine agus dubhairt leis an bhfear eile:

“Ná fuil ’fhios agat nach fear leanna duibhe ól é sin?” agus do líon chugham gloine as an mbuidéal agus d’ólas í.

Súil d’ár thugas mar a raibh na coinnle ar lasadh ar cheann an bhúird mar a raibh cosa an chuirp do bhí beirt fhear ann agus dhá chathaoir fútha agus iad go saotharach ag gabháil de thobac agus de phípeanna agus níor ghnó ró thaithneamhach an gnó céadna. Fear aca ’á ghearradh agus ’á bhrúghadh agus an fear eile ’á mhín-mheilt agus ’á chur ins na pípeanna; agus maran mó truagh do bhí agam do’n mbeirt seo, go mór, ná bhí d’fhormad agam leo, ní lugha, mar go lán-mhinic roimis sin do chonnac fear maith ag ceiliúradh ó’n ngnó san.

Níor ró fhada a bhí an machtnamh san déanta agam san am gur tógadh le fear aca anuas de’n chathaoir agus do bhuaileadh d’fhíor-fhleascán a dhroma é ar bheirt sheibinneach bhan a bhí suidhte ar an úrlár go raibh a thuille agus a ndóthain le déanamh aca féin san am gcéadna. Agus dob’é gnó do bhí ar siubhal ag an mbeirt bhan san am san ná dhá ghunnaire pípe bhí dingithe de thobac fhriseáilte agus iad d’iarraidh tútair gail a bhaint asta agus gan de sheift aca chun san a dhéanamh ach cipíní soluis, gur ghnó lae d’inneal a raibh de chipíní caithte i bhásta aca, agus fós gan iad dearg.

Le linn do’n bhfear tuitim ar an mná ní ró mhaith an bheannacht a fuair sé ó lán na beirte aca mar do chnag agus do bhris an dá phíp ’n-a mbéal araon istigh ag an gcois agus iad díreach oiriúnach aca agus brácadh maith fachta aca