go leór ’á dhéanamh ann agus ní raibh an duine bocht féin gan púnt.
Sé críoch agus deire an scéil é go raibh an lá nach mór meilte againn ag féachaint ar so súd san am gur bhaineamair amach cé na Coise. Ní h-aon dochar a dhein san dúinn, áfach, mar do bhí an lá ag teacht anuas. Cé go raibh sé lán-sceabhach ar maidin ní raibh puth as an spéir san am so ann.
Do phreabamair go dtí sna báid de’n iarracht san agus do chuireamair ar snámh iad agus do bhailigheamair na giúirléidí a bhain leo isteach ionnta. Sin é an uair a labhair fear na gcros, a bhíodh ’n-ár dtreo do shíor, agus dubhairt nár mhór do dhaoine bochta gan aon tart a bheith ortha ag tabhairt fé’n mbágh ó thuaidh.
Do fhreagair fear eile agus adubhairt go mb’fhéidir ná raibh puinn isna pócaí age sna fearaibh.
“Ní foláir nó is olc an póca ná beadh faic ann,” arsa fear so an toirmisc. “Tabharfad féin deoch díbh,” ar seisean.
Ní raibh aon ní eile le déanamh ach dul leis. Chuathas. Ghlaoidh sé ar ghalún de’n lionn dubh. Ar amharc timcheall d’fhear na dighe do tharrac do bhí fear de’n hochtar ná raibh istigh agus do chuir fear amach féachaint cá raibh sé. I gceann de sna báid le h-ais an ché bhí sé. Toisc ná raibh aon scilling aige féin bhí scáinteacht air teacht sa chuideachtain agus chuaidh sé dian a dhóthain ar an dteachtaire é thabhairt leis. Sa deire ní raibh aon tart ar aenne agus do ghluaiseamair chun an bháid. D’fhágamair slán agus beannacht age cé na Coise an tráthnóna aoibhinn caithiseach Saoire sin. Thugamair deire na mbád do thír agus a dtosach do mhuir, fé mar dheineadh na laocha groidhe fad’ ó, agus bhuaileamair an góilín amach. Do bhí an solus lasta i dtigh an tsoluis agus sinn ag fágaint an chuain. B’eo leis an dá bhád againn le chéile nó gur bhaineamair calath an Oileáin Tiar amach. Toisc go raibh an oidhche gearra agus í breagh agus gan deabhadh ná deithneas orainn do bhí an lá ann san am go raibh na tighthe sroichte againn.