Tá gramadach agus cora cainnte an údair sa leabhar gan atharú ar bith ortha ach mar do cheap sé iad.
Adeir Brian Ó Ceallaigh gurbh’ éigean do leabhar Mhacsim Gorcí d’fhagháil agus cuid de a léigheadh do Thomás Ó Criomhthain sula ngéilleadh sé go raibh aon ní ’n‑a saoghal féin gurbh’ fhiú cur síos air. Níor chreid sé roimhe sin go raibh an scéal mar sin aige. Dob’ é sin tionnscnamh na h‑oibre agus is é an leabhar so toradh an tsaothair. Is neamh-choitchionnta an leabhar é. Is beag má tá a leithéid eile de leabhar i ndiaidh a shamhail de dhuine le fagháil san litríocht; agus is dearbh ná fuil sin i litríocht na Gaedhilge.
Tá sé ráidhte ag an údar gur scríobh sé go mion-chruinn ar a lán d’á gcúrsaí d’fhonn go mbeadh cuimhne i mball éigin ortha; agus go dtug sé iarracht ar mheon na ndaoine bhí ’n‑a thimcheall a chur síos “chun go mbeadh ár dtuairisc ’ár ndiaidh, mar ná beidh ár leithéidí arís ann.” Is áirithe gur fíor do san. Ní bheidh a leithéidí arís ann.
Stair fhírinneach atá san leabhar so ar shaoghal agus ar dhaoine a bhí ann le linn an údair—saoghal agus daoine nach aithnid anois féin, má b’aithnid riamh iad, fiú do mhuinntir na tíre d’ár di Tomás árd-aigeantach Ó Criomhthain agus na mílte míle d’á shamhail san nGaedhealtacht ná táinig i seilbh a gcirt riamh “ó fágadh Éire agus Gaedhil bhocht’ claoidhte.”
AN FEAR EAGAIR.