Page:An t-oileanach.djvu/134

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

an ceol ar siubhal. Is maith is cuimhin liom amhráin an lae sin. “Ar Éirinn ní ’nneosainn cia h-í” an ceann adubhart do mar bhí ’fhios agam go maith gurbh’ é b’annsa leis an bhfear groidhe, mar ba mhinic roimis sin do shéideas suas do é. Tar éis do bheith críochnaithe do scaoil an fear mór an deoch sa timcheall.

“N’fheadar,” ar seisean liom-sa, “a’ bhfuil aon duine eile annsan adéarfadh aon amhrán?”

“Tá, a mhic ó!” arsa mise leis agus do bheartuigheas ar bheirt ban na h-Inise dho.

Níor thug mná na h-Inise an t-eiteach do agus cad a dheineadar ná an bheirt aca do dhul i n-éineacht ag rádh an amhráin toisc gur mháthair is inghean iad. Ní raibh an t-iongantas mór go léir toisc duine aca a theacht as bruinneacha an duine eile. Ní dóigh liom ná gur bhuail an galar a bhuail me féin furmhór a raibh sa chuileachtain, sé sin go mba bhearna réidh liom dhá lá agus dhá oidhche do thabhairt gan biadh ná deoch ag éisteacht le guth na beirte úd.

An uair do bhí an t-amhrán críochnaithe do bhain an fear mór crothadh as láimh na beirte aca, ó chroidhe, agus deineann an rud céadna liom féin toisc gur me a stiúruigh ar an gceol sidhe é; agus do bhuail an bórd arís agus d’órduigh leath-phiúnt eile do theacht. Scilling an leath-phiúnt dob’ eadh an uair sin é. Tá naoi scillinge indiu air agus me ’á bhreacadh so. Isteach im’ dhorn do chuir sé an t-árus chun é riaradh. Duine do bhlais é agus beirt nár thóg deoir uaim. Do chonnac Diarmaid na gréine ag píopaireacht go tiugh agus a choisce go maith caithte aige agus dubhart im’ aigne féin go mbeadh oidhche eile insa bhaile mór againn.

Ní ró fada gur chas an fear mór orm agus crothann mo lámh. “Ba mhaith liom amhrán eile uait sara mbeimíst ag baint an tighe amach,” ar seisean. “B’fhéidir go mbeadh tamall eile ann sara mbuailfimíst le chéile.”

Ní raibh eiteach agam do, dar ndóigh. Dubhart amhrán agus dhá amhrán, agus mná na h-Inise trí cinn, cheithre cinn agus