“Fear a’ tighe seo, agus mo cheann-sa, leis,” arsa Diarmaid.
Sé rud a dheineas ná leath-phiúnt a thabhairt do Dhiarmaid. “Seo, tóg é sin leat isteach ’on tseomra san. Bead-sa chughaibh láithreach.”
“Ach ca’ileann tú dul?” arsa Diarmaid.
“Cúram beag. Ní bheidh dhá nóimeat moille orm,” arsa mise.
“Och, dar Muire! ní bheidh aon mhaith mar sin ionnainn.”
Do bhí cúis mhaith agam-sa imeacht. Guailleáin a bhí uaim mar go raibh mo bhríste ag ionntaoibh le córda do bhí tharm aniar. Na seana-ghuailleáin do bhí agam bhíodar ’n‑a ngránlach tar éis fhuirse na muc ó’n gcéad lá chuamair an Inis go dtí an lá so.
D’fhágas annsan iad agus d’imigheas liom agus chuas isteach i siopa éadaigh.
“Dhera, Dé do bheatha-sa ’niar,” arsa bean an tsiopa.
“Go mairir-se céad, a bhean mhaith,” mo fhreagra-sa air sin. Ní le n‑a feabhas a thugas “bean mhaith” uirthi—mar do bhí ’fhios agam go minic roime sin ná raibh sí le moladh—ach gur bhain sé le béasa. Bhí sí ag cur ceisteanna orm conus a bhí so agus súd agus breac-shúil i gcomhnaidhe aici cathain a loirgeo’inn an rud a thug me. Do bhínn ag cur lámh im’ póca agus na súile ag dlioscarnaigh ’na ceann; breac-shúil aici ar an siopa agus orm-sa.
“Sín amach feidhre guailleán chugham,” arsa mise sa deire léi. D’fhágfainn tamall eile i bpionós í gan mo chuid airgid a thabhairt di mara mbeadh greann Diarmaid an leath-phínt do bheith ag imeacht uaim, rud do bhí ’fhios agam do bheadh i gceist mar is chuige sin d’fhágas ar a láimh é le linn dom scarúint leis.
Chuir bean an tsiopa beart guailleán amach gan mhoill.
“Scillin’ a feidhre iad so,” ar sise. “Guailleáin stróinséartha iad.”