Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/98

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

90

ḃí ní b’aoirde ’ná é féin. Ċuir seisean go fear eile mé. Duḃairt mé leo uilig gur ṫeastuiġ uaim Lord Leiftenant na Bainríoġna a ḟeiceál. Ċonnaic mé sa deireaḋ é. D’innis mé mo sgéal dó. Duḃairt sé liom naċ ḃféadfaḋ sé aon ċeo a ḋéanaṁ. Ṫug mé mo ṁallaċt do Ċaisleán Ḃaile Áṫa Cliaṫ agus amaċ an doras liom. Ḃí punnta i mo ṗóca agam. Ċuaiḋ mé ar ḃord luinge agus maidin lá ar n-a ḃáraċ ḃí mé i Liḃerpúl Ṡasan. Ṡiuḃail mé bóiṫre fada Ṡasan ó Liḃerpúl go Lonndain. Nuair a ṫáinig mé go Lonndain d’iarr mé eolas Caisleáin na Bainríoġna. Cuireaḋ ar an eolas mé. Ċuaiḋ mé ann. Ní leigfiḋe isteaċ mé. Ċuaiḋ mé ann ’ċuile lá ag súil go ḃfeicfinn an Ḃainríoġan ag teaċt amaċ. Ṫar éis seaċtṁaine ċonnaic mé ag teaċt amaċ í. Ḃí saiġdiúirí agus daoine móra ṫart timċeall uirṫi. Ċuaiḋ mé anonn go dtí an Ḃainríoġain roiṁ ḋul isteaċ sa gcóiste ḋi. Ḃí páipéar a sgríoḃ fear i mBaile Áṫa Cliaṫ ḋom i mo láiṁ. Rug oifigeaċ orm. Laḃair an Ḃainríoġain leis agus leig sé uaiḋ mé. Laḃair mé leis an mBainríoġain. Níor ṫuig sí mé. Ṡín mé an páipéar ċuici. Ṫug sé an páipéar do’n oifigeaċ agus léiġ sé í. Sgríoḃ sé focla eicínt ar an bpáipéar agus ṫug sé ar ais dom é. Laḃair an Ḃainríoġain le mnaoi eile a ḃí i