82
a ṁarḃuiġ an tiġearna. Is cuiṁneaċ leat na focla aduḃairt sé aréir?”
Léim mé im’ ṡeasaṁ agus amaċ an doras liom. Amaċ liom an bóṫar agus soir go dtí teaċ Ṁúirne. Ní raiḃ roṁam aċt í féin. Ḃí trosgán an tiġe trí n-a ċéile san áit a raiḃ an t-arm ag cuartuġaḋ. D’éiriġ Múirne ina seasaṁ nuair a ċonnaic sí isteaċ an doras mé.
“A Ṡeaġáin Uí Ċonaire,” ar sise, “ar son Dé na trócaire agus innis dom cá ḃfuil mo ṁac. Ḃí tusa i n-éindiġ leis. ’Tuige naċ ḃfuil sé ag teaċt a ḃaile ċugam?”
“Bíoḋ foiġid agat, a Ṁúirne,” arsa mise. “Tá mé ag dul go hUaċtar Árd ar a ṫóir.”
Ḃuail mé an bóṫar. Ag dul isteaċ ar ṡráid Uaċtair Áird dom, ċonnaic mé an sluaġ mór daoine. Ḃí an droiċead, agus an tsráid os coṁair ṫeaċ an ṗobail, duḃ le daoiniḃ. Ḃí daoine ag déanaṁ ar an spota ó ġaċ uile áird. Aċt, rud a ċuir uaṁan ar mo ċroiḋe, ní raiḃ fuaim as an gcruinniuġaḋ uaṫḃásaċ sin daoine, aċt súile ’ċuile ḋuine aca greamuiġṫe i sgata beag a ḃí i gceart-lár an ċruinniġṫe. Luċt airm a ḃí sa sgata beag sin, cótaí duḃa agus cótaí dearga orṫa, agus gunnaí agus claiḋṁte ina láṁaiḃ; agus i measg na gcótaí duḃ agus na gcótaí dearg ċonnaic mé buaċaill tuaiṫe agus