Page:An cóṁgar - Ó Cuív.djvu/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
22
AN COṀGAR

CEAĊT A DÓ IS FIĊE. XXII. AN DARA CEAĊT FIĊEAD.

táim ní’lim an ḃfuilim? ná fuilim?
táir, taoi
tá’nn tú
ní’lir an ḃfuilir? ná fuilir?
tá sé ní’l sé an ḃfuil sé? ná fuil sé?
tá sí ní’l sí an ḃfuil sí? ná fuil sí?
táimíd ní’limíd an ḃfuilimíd? ná fuilimíd?
táṫaoi, tá siḃ ní’l siḃ an ḃfuil siḃ? ná fuil siḃ?
táid ní’lid an ḃfuilid? ná fuilid?
cá ḃfuilim? cá ḃfuilir? cá ḃfuil sé? cá ḃfuil sí?
cá ḃfuilimíd? cá ḃfuil siḃ? cá ḃfuilid?

ag teaċtag imṫeaċtag dulamaċ

Conas taoi, a Ṫaiḋg? Táim go maiṫ, buiḋeaċas le Dia, conas taoi féin? Táim féin go maiṫ leis.

An ḃfuil Seán agus Nóra annso? Ní’lid. Cá ḃfuilid? Táid siad sa ḃaile.

Conas táṫaoi go léir sa ḃaile? Táimíd go maiṫ; beiḋ Seán i gCorcaiġ amáireaċ, agus beiḋ Nóra annso.

Tá Tomás Ó Ceallaiġ ag teaċt anois. An ḃfeiceann tú é? Ċím fear ar an mbóṫar; an é sin Tomás? Is é. Tá sé annso anois.

Náċ tusa Tomás Ó Ceallaiġ? Is me. Cá ḃfuil do ḋrifiúr, a Ṫomáis? Tá sí sa ḃaile. Conas tá sí? Tá sí go maiṫ.

Tá Brian ag imṫeaċt. Táim féin ag dul amaċ, leis.