Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
10
An Craos-Deaṁan.

raiḃ a ċuaird taḃarṫa ag an ríġ. Ṫuigeadar ’na n-aigne gur ṁeasa ḋóiḃ go mór ċuca an ċuaird sin ’ná dá dtagaḋ Feargal mac Maoile Dúin agus a ṡlóiġte Ultaċ a-dtuaiḋ, mar a deireaḋ an ċailleaċ, agus gan bó ná gaṁain d’ḟágáilt, ó Sgeilig Ṁiċíl go Caiseal, gan breiṫ leis ó-ṫuaiḋ.

Do lean an sgéal ar an gcuma san acu go dtí go raiḃ bliaġain ġo leiṫ curṫa ḋíoḃ acu, agus go raḃadar i ndeire a gcoda agus i ndeire an anama, agus gan aon tsúil le fuasgailt acu, mar, i n-inead aon ṁao- luġaḋ ḋul ar ġoile Ċaṫail is aṁlaiḋ a ḃí breis airc agus ampla ag teaċt air i n-aġaiḋ an lae. B’ḟusaide é, dar leó, dá mbéaḋ aon ṗioc de rian an ḃíḋ air, aċ ní raiḃ. Ḃí sé ċóṁ lom, ċóṁ tanaiḋe, ċóṁ h-ocraċ ’na ḋriuċ agus dá mbéaḋ sé ceangailte ó’n mbiaḋ. Ḃíoḋ a gcroíḋe briste nuair ná féadaidís a ḋóiṫin a ṫaḃairt dó, agus nuair a ċídis é, tar éis a mbíoḋ an tsaoġal acu ḃeiṫ iṫte aige, agus é ag gluaiseaċt i n’ aonar ar fuid na mbailte feuċaint cá ḃfaġaḋ sé blúire aráin nó píosa feóla. D’imṫiġeaḋ sé mar sin i n’ aonar go minic, nuair a ḃíoḋ an t-ocras dian air agus gan an biaḋ le fáġail. Ḃíoḋ a ċlaiḋeaṁ noċtaiṫe ’na láiṁ ḋeis aige, agus pé áit ’na dtagaḋ sé suas le blúire bíḋ d’iṫeaḋ sé láiṫreaċ é, agus gan daḃt dob’ olc an dóiċ é do’n t-é ċeapfaḋ an biaḋ ċoimeád uaiḋ.