Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/116

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
108
An Craos-Deaṁan.

tríd síos, cad a ṫaraing mé ar dtúis isteaċ sa n-obair seo, agus cad fé ndeara ḋom taḃairt i n-aon ċor fé n-a leiṫéid de ġnó.

"Ṫáinig an t-eólus ċugam, fé mar a ṫáinig sé ċun an uile ḋuine i n-Éirinn, droċ níḋ éigin uaṫḃásaċ a ḃeiṫ tagaiṫe ar Ċaṫal. Ċuir an t-eólus san díombáḋ orm-sa fé mar a ċuir sé díombáḋ ar gaċ aoinne. Aċ i dteannta díombáḋ ċur orm do ċuir sé ag maċtnaṁ mé. B’é bunús mo ṁaċtnaiṁ, conus a ġeaḃfaí leiġeas do’n olc a ḃí ar an ríġ. As na tuairisgiḃ a ṡroiseaḋ mé do ṫuigeas ná raiḃ aon ġearán sláinte air. Ṫuigeas as san nár ḃ’í a ṡláinte a ḃí le leiġeas. Ní leiġeas cuirp a ḃí le déanaṁ air. Ṫuigeas as san nár ḃ’ḟoláir a adṁáil, nuair naċ ar an gcorp a ḃí an leiġeas le déanaṁ, gur ar an aigne a ḃí sé le déanaṁ.

"Nuair a ḃí an méid sin socair agam ṫáinig eólus eile ċugam a ċuir ar seaċrán airís mé. Do tugaḋ le tuisgint dom nár ḋéin an trioblóid a ḃí ar Ċaṫal aon ḃaint ó n-a ḃreiṫeaṁantas. Go raiḃ a ċiall agus a ṫuisgint ċóṁ glan ċóṁ cruinn agus a ḃíodar aon lá riaṁ aige. Ṫug san le tuisgint dom ná raiḃ aon umárd ar a meaḃair ṡaoġalta.

"D’ḟág san i gcruaḋ-ċás mé. Ní raiḃ gearán sláinte air, agus ní raiḃ bun os cionn aigne air. Cad a ḃí air má ’seaḋ?

"D’airiġeas, fé mar ’airiġeamar go léir, conus a fuair an droċ níḋ seilḃ ar dtúis istiġ ’na ġoile. Dúḃairt liom féin, as mo ċuid maċtnaiṁ, an dorus ceadna n-ar ṫáinig an díoḃáil tríd gur tríd a ċaiṫfeaḋ an leiġeas teaċt. Gur le biaḋ a ċuaiḋ an droċ níḋ isteaċ, agus gur le biaḋ a caiṫfí an droċ níḋ a ṫaḃairt amaċ; aċ so a ḃeiṫ de ḋeifriġeaċt idir an