Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/110

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
102
An Craos-Deaṁan.

Do cuireaḋ. Agus seo mar a déineaḋ é. Nuair a ḃí gaċ aon rud bailiġṫe amaċ as an ríġ-ṫeaċ, aċ an corcán mór a ḃí anuas ar an gCraos- Deaṁan, do dúnaḋ na dóirse go léir go daing- ean tar éis ċeiṫre teinte móra do ċur ar lasaḋ anso ’s ansúd ar fuid an tíġe. Do las na teinte. Ba ġearr gur las an tiġ go léir. D’eiriġ an buṫaire lasraċ suas sa spéir. Ḃí Mac Conglinne agus na daoine ag feuċaint ar an lasair. Ar ball do ṫusnuiġ ceann an tíġe ar ṫuitim isteaċ agus ar na raċtaí do noċtaḋ. Do noċtaḋ an maide buaic. Do léim an deaṁan suas agus ṡeasaiṁ sé ar an maide buaic. Do ċonaic Mac Conglinne é.

"Feuċaiḋ! a ḟearaiḃ Muṁan,” arsa Mac Cong- linne. “Siné ṫuas ḃúr gcara agaiḃ. Dúnaḋ gaċ aoinne a ḃéal agus laḃarfad-sa leis an mbioránaċ san."

Do ḋún gaċ aoinne a ḃéal. Níor ġáḋ a iaraiḋ orṫa an tarna h-uair san do ḋéanaṁ. Do ḋruid Mac Conglinne anonn i dtreó an deaṁain agus do laḃair sé go h-árd.

"Úṁluiġ dom, a ḋiaḃail!” ar seisean.

"Úṁluiġim duit,” arsa ’n deaṁan. “Ní foláir dom a ḋéanaṁ mar tá buaiḋte agat orm. Níor ṁeasas go raiḃ duine ar talaṁ ná aingeal ṫuas d’ḟéadfaḋ a ċur ḟeuċaint ar Ċaṫal trosgaḋ ḋéanaṁ an ḟaid a ḃíos-sa istiġ ’na ġoile. Do ċuiris-se ḟeuċaint air an tros- gaḋ ḋéanaṁ agus mise ag stracaḋ a ġoile as a ċéile le tart agus le h-ocras. Dá dtéiḋinn níos déine air ’ná mar a ċuaḋas ḃainfinn an t-anam ar fad as, agus ní raiḃ san ceaduiġṫe ḋom. Ḋéineas mo ḋíċeal, aċ tá buaiḋte glan agat-sa orm. Níor ḃ’ḟéidir duit buaċ- taint orm ar an gcuma san mura mbéaḋ go ḃfuil raṫ