Mo thruagh gan an samhradh ann! Mo sheacht gcéad truagh gan an samhradh ann agus mise sa gcoill sin!
Molaim do’n fhile cuairt thabhairt ar an áit, ar an bpoll dubh duaibhseach, ar an uisge glé reatha, ar an dá bhruach bláthmhara go na mílte éanlaith, ar an gcoill cheólmhar chumhartha—seadh, agus ar an mBreac atá i gceannas na ríoghachta draoidheachta seo....
* * *
Acht ní fheacas an Breac ariamh le mo shúilibh cinn. Ní fhacas an choill acht oiread, ná an poll dubh, ná an t‑uisge glé reatha. Acht mara bhfaca mé le mo shúilibh cinn iad chonnaiceas le súilibh m’intinne iad....
Seo é an chaoi ar chuireas aithne ar an mBreac agus ar an áit i dtosach:
Mé ’mo shuide ar mo stóilín i gcill an phríosúin ag féachaint uaim go truaighmhéileach thrid an bhfuinneóig ar phaiste de’n spéir ghuirm, agus ar an bhfáinleóig thagadh idir mé agus an paisde beag áluinn sin.
Osgluigheadh mo dhoras. Tháinic gárda isteach.
Bhí an tráthnóna ann agus gan mórán ar a aire. D’osgail sé leabhar póca bhí aige. Bhain suas le fiche dubhán go n‑a mbaoithí as.
“Iasgaire breac thú,” ar seisean, “chonaiceas san oifig cuid de na dubháin bhí do phóca nuair rugadh ort.”
Dubhras leis go mb’ eadh, gur chuireas suim mhór i n‑iasgaireacht breac. D’iarr sé orm an baoite míoltóg is feárr dá raibh aige féin