Page:An Crann Geagach.djvu/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Agus dá dtuigfinn i gceart é, bhí an saoghal mór aisteach seo ag déanamh bróin. An réaltóg bhí crochta sa spéir thoir, an crann a shil a chnó deireannach, an t‑éan a dhúisigh agus a chan cuid dá chuid ceóil, an t‑ainmhidhe labhair go huaigneach san oidhche—ag déanamh bróin agus osnaighil bhíodar uile. An domhan mór tacach féin, rinne seisean osna chomh maith le cách....

Agus mé féin, chorruigh mé. Leig mé osna. Labhair mé:

“A Dhía Mhóir na Glóire!” arsa mise....

Annsin cuireadh i dtuigsint dom go raibh mé i bhfiadhnaise ceann de na míorbhuiltibh is mó dá bhfuil ann, go raibh mé ag féachaint ar agus ag éisteacht leis an saoghal ghá dhúiseacht, agus ní dúiseacht na maidne é, acht an dúiseacht thárluigheas tráth éigin gach oidhche sa mbliadhain nuair chuireann gach nidh dá bhfuil beó ar dhruim na talmhan cor agus osna dhe. An tráth céadna gach oidhche déanann gach luibh agus éan is ainmhide is duine an brón céadna—agus cé’n tráth é sin acht an tráth céadna ar thogh Lucifer a mheirg le dhul i n‑éadan an Dé chruthuigh é....

D’fhéach mé ar an réaltóig bhí ar crochadh sa spéir thoir; d’fhéach mé ar an gcrann shil a chnó deireannach: d’fhéach mé mar a raibh an t‑éan labhair go doilgheasach ar an ngéig:

“A Dhía Mhóir na Glóire!” ars’ an réaltóg.

“A Dhía Mhóir na Glóire!” ars’ an t‑éan.

Agus annsin tógadh mo chroidhe agus m’anam go ndubhras féin de ghuth mhór dúthrachtach.”

“A Dhía Mhóir na Glóire!”

Agus thuit mo chodladh orm arís....

24