Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

52

“Má’s Críostaiḋe é ceangluiġṫear annsúd ṫall le n-a ċoṁluadar é,” arsa Saul, agus ní ḃéarfaiḋe Cuma-liom mar leasainm air an uair sin.

Rinneaḋ aṁlaiḋ. Ṫosuiġ an Ruaḋ agus a ċoṁ- Ċríostaiḋṫe ar a gcuid aṁrán diaḋa a ġaḃail ós árd, aċt is beag áird a ḃí ag na saiġdiúirí orṫa; beag áird a ḃí ag Saul orṫa aċt an oiread—ḃí codlaḋ ag teaċt air.

Ḃí iongnaḋ ar an Róṁánaċ cé’n ċaoi gur fríṫeaḋ amaċ go raiḃ an Ruaḋ ar luċt leanaṁna Ċríost. Ġlaoiḋ sé ċuige ar ṡaiġdiúir agus ċeistniġ é.

“Ḃí sé ag tarraingt ar an naoṁaḋ uair,” ars’ an duine sin, “agus ḃíomar uile ag ól agus ag déanaṁ grinn nuair a líon ár gcoṁluadar an Ruaḋ soiṫeaċ beag le droċ-ḃinéagar a ḃí aige i mála leaṫair. Ní mé an raiḃ an ḃinéagar ró-ġéar ḋó, aċt ar ċaoi ar biṫ, ṫáinig creaṫaḋ agus taċtaḋ agus riastraḋ air. Ní ḟacas a leiṫéid de ċuma ar aon ḟear ariaṁ. Brón mór a ḃí air, ṡílṫeá— seaḋ brón agus aiṫriġe. Rinneaḋ magaḋ mór faoi. Duḃairt sé nár leig sé lá ṫairis le bliaḋain nár ól sé ḃinéagar ar an naoṁaḋ uair—an uair a fuair Críost bás ar an gcrois—le maiṫeaṁnas ḟáġáil uaiḋ.”

Ní raiḃ a sgéal críoċnuiġṫe i gceart ag an saiġdiúir gur duḃraḋ leis imṫeaċt. Ḃí socruiġṫe ag an Róṁánaċ óg a ḋul ċuig an gcaṫair ṁóir an oiḋċe sin dá mbeaḋ air a ḋul ann leis féin. Ṫáinig glór an Ruaiḋ ċuige ar an ngaoiṫ:

“Cuirfear i n-áirde ar ċroiċ mé; cuirfear tairngí isteaċ ṫrí mo láṁaiḃ; sáiṫfear le saiġead mé; feicfead Críost geal breáġ i mbáraċ. Molaḋ le Dia Mór! molaḋ le Críost geal breáġ!”

Ṫáinig iongnaḋ ar an Róṁánaċ, aċt níorḃ’ ḟada gur imṫiġ an t-iongnaḋ sin. Ní hiad na Críostaiḋṫe a ḃí ceangailte cois an ḃalla a ḃí os coṁair a ṡúl; ní glór an Ruaiḋ a ḃí ’n-a ċluasaiḃ; ní heaḋ—mná duḃa sgiaṁaċa