Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

50

ag dul amuḋa. Ḃí leaṫarán agus croinnte failme ar gaċ taoḃ ḋe ag síneaḋ amaċ ó ḋoras an tiġe. Ḃí an leaṫarán seo míle ar a ḟad agus é ċoṁ díreaċ le saiġead. Ḃí dreamanna beaga saiġdiúir tuirseaċ ’n-a luiġe go fann faoi ḟosgaḋ na gcrann n-árd ngéagaċ nglas; ḃí cuid díoḃ ’n-a gcodlaḋ, cuid eile ’n-a leaṫ-ḋúiseaċt agus duilleaḃar úr craiṫte ós cionn a n-aiġṫe, cuid eile ag imirt cluiċe ar ar ṫugadar “sgaoil as an gcarcair mé” i dteangaiḋ na tíre. I n-aice leis an teaċ, ’n-áit naċ raiḃ aon ḟosgaḋ aca ó ṫeas mór na gréine, ḃí triúr fear agus bean óg ceangailte le ċéile le slaḃraíḃ agus iad ag canaḋ duanta diaḋa.

Do luiġ Saul san ḃféar ḟada faoi ḃun crainn ḟíge. Ċuir sé a ḋá láiṁ faoi n-a ċeann le aḋairt a ḋéanaṁ ḋó féin. Ḃí géaga íoċtaraċa an ċrann ag cuimilt le n-a sróin beagnaċ, nuair a lúbaḋ an crann. Annsin do ḋéanfaḋ sé iarraċt ar ḃreiṫ ar ċnuasaċt fíge le n-a ḃéal gan a ċeann a ṫógḃáil aċt naċ n-éiriġeaḋ leis. Ḃí an Róṁánaċ óg ag féaċaint air agus greann ’n-a ṡúiliḃ.

“Beir orṫa,” ar seisean.

“Ró-ṫuirseaċ,” arsa Saul.

Níor duḃraḋ a ṫuilleaḋ. Ḃí na sgáil ag dul i ḃfad. Ḃí an ġrian ag teannaḋ siar. Ḃí smaṫaṁ beag gaoiṫe ag déanaṁ ceóil i mbarraiḃ na gcrann dob’ áirde. Ṫosuiġ éan beag donn ag seinnm ar ġéig i ḃfogus do’n ḃeirt ḟear óg, agus do measgaḋ ceól an éin agus ceól na gaoiṫe agus ceól na gcime a ḃí ceangailte le balla an tiġe i n-aon ċrónán aṁáin. Séideaḋ buinneán ṫíos uaṫa san ngleann. Ċonnaicṫeas dream beag fear oibre ag déanaṁ ar ṫeaċ an ċriadóra le obair an lae a ċríoċnuġaḋ. Ḃí an naoṁaḋ uair ann.

Tamall beag ’n-a ḋiaiḋ seo ċuala an ḃeirt óigḟear torann agus glórṫa feargaċa ċuca ó’n teaċ, agus do ċonnaiceadar dream saiġdiúir agus fear i ngreim aca.