Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

48

luiġe go fann tuirseaċ i n-aġaiḋ an ḃalla. Ḃí aḋairt faoi n-a ċeann duḃ deaġ-ċumṫa cataċ; cnóḋa gallda ar ṁéis le n-a ṫaoḃ. Ḃí sé ag cainnt go mall réiḋ; anois agus arís do ċuireaḋ sé cosg le n-a ċuid cainnte le cnó a ḃriseaḋ faoi n-a ḟiaclaiḃ, agus ṡílfeá go mba ṁó go mór an tsuim a ḃí aige ’sna cnóḋaiḃ ná san gcainnt.

“Tá roinnt ṁaiṫ den ċeart agat,” ar seisean leis an ḃfear óg eile agus cnó ’gá ċoigilt aige, “níl feall- saṁnaċt dár ceapaḋ fós naċ ḃfuil friġid an ċirt ’n-a lár istiġ. Platón, Socrait, Díogen, Soroaster, agus san tír ṁalluiġṫe seo na hEsseniġ, na Saddúċaiġ, na Sicariġ féin a ċreideas naċ ḃfuil aon ċaoi ann le n-a dtír agus le n-a gcreideaṁ a ḟuasgailt aċt an sgian ḟada ġéar a ṡáiṫeaḋ i ndromaiḃ a naiṁde—ḃí an uile ḋuine agus an uile ḋream díoḃ ceart má ḋéantar maċtnaṁ air. Ní raiḃ uaṫa aċt iad féin a ċur i gcéill. Ní raiḃ uait-se, a Ċaius na díṫcéille, aċt ṫú féin a ċur i gcéill nuair a ṡíl tú éalóḋ le bean an ċóṁairleóra ... aċt níor eiriġ leat .... díbriġeaḋ ṫú ... Táir annseo anois ’mo ḟoċair-sa, i ḃfoċair Saul ó Ṫarsus, sgiúrsóir na gCríostaiḋṫe; Saul naċ gcreideann i n-aon ní,— agus cé ċeapfaḋ ort go raiḃ gaol goirid agat le Tibérius mór Impire an doṁain; cé ċeapfaḋ orm-sa atá ag déanaṁ géar-leanaṁna ar Ċríostaiḋṫiḃ go gcreidim gaċ feallsaṁnaċt ar uairiḃ agus naċ gcreidim aon ċeann aca uair eile.....?”

Ċuir an Róṁánaċ óg isteaċ air, aċt níor ċuala Saul é; ḃí a ḋá ṡúil ar ḋúnaḋ aige, a ċeann leigṫe siar i n-aġaiḋ na haḋairte agus cosaṁlaċt an tsóġa ar a ġnúis ḋaṫaṁail. Ḃí sé ag cur ḋe ar feaḋ an aċair.

“Ráiṫe i ḃfásaċ Iúdéa i ḃfad ó ḋaoiniḃ, i ḃfad ó leaḃraiḃ, i ḃfad ó ṁíneaċas! Uċ! Ní saoġal do ḋuine mar mise é ar ċor ar biṫ,” arsa Saul, “aċt nuair a ṡroiċfeas mé Iarúsalem sgríoḃfad leaḃar feallsaṁnaċta a ṫasbáinfeas.....”