Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

45

“Maiṫ ḋom é! Maiṫ ḋom é, a Ċríost!” ars’ an Dall, agus ba ḋóiġ leat go gcuirfeaḋ sé a anam amaċ le teann bróin agus aiṫriġe.

“Ḃí fear eile ann,” ars’ an fear coiṁṫiġeaċ gan bacaḋ le cainnt an Daill, “saiġdiúir a ḃí san ḃfear sin; fear troda, fear easgaine agus mionn mór, fear drúise a ḃí ann; agus ṫug an té sin ḃínéagar de ḃárr ġiolcaiġ don té a ḃí ar an gcroiċ le greann agus le fonoṁaid agus le magaḋ a ḋéanaṁ faoi.....”

“Ṫug! ṫug! naċ minic a ċualas an sgéal ó ṡoin: ‘tugaḋ ḃinéagar Ḋó nuair d’iarr Sé deóċ’; mo ḃrón! mo ḃrón!”

“An té úd ṫug ḃinéagar Ḋó, ḃí sé caol árd ruaḋ—ḃí sé ċoṁ ruaḋ sin gur tugaḋ an Ruaḋ mar leasainm i gcoitċeann air—(do ḋearc an Dall ar ċeann ruaḋ an ḟir eile); ḃí sé ar leaṫ-ċluais; (leag sé féin láṁ air ar an áit a mba ċóir dá ċluais a ḃeiṫ); ḃí rian claiḋiṁ ar a ġnúis.....”

Rug an Ruaḋ ar láiṁ ar an Dall agus ċuimil don lot a ḃí ar a ġnúis féin í; ḋearc an ḃeirt ḟear ar a ċéile; d’aiṫniġeadar a ċéile, agus ḃí n-a dtost.

Ṫáinig Baintreaḃaċ an Ḟíona isteaċ ar an mball aimsire seo. D’ḟéaċ sí ar an mbeirt. D’ḟéaċ an aṫ-uair ar an Ruaḋ. D’aiṫniġ sí é. Ṫosuiġ an ġráin agus an fuaṫ ag gluaiseaċt treasna a gnúis ar nós sgáil na néalta ṫar ṁuir ġil lonnraiġ. Ḃí an Ruaḋ ag féaċaint uirṫi, ḃí sé ar tí laḃairt léiṫi, aċt ċaiṫ sise smugairle leis, agus d’iompuiġ uaiḋ. D’iompuiġ sí uaiḋ go tobann; ċaiṫ sí an smugairle go tobann; fuair an ġráin agus an fuaṫ an buaḋ uirṫi go tobann agus dá haiṁḋeóin; is annsin a ċuiṁniġ sí ar an gcoṁairle úd fuair sí go minic le trí bliaḋna ó ṫréadaiḋṫiḃ a heaglaise, “maiṫ i n-aġaiḋ an uilc.” Ṫáinig croiḋe-ḃrúġaḋ uirṫi nár ġlac sí an ċoṁairle. Rinne sí cóṁarṫa ar a héadan, cóṁarṫa