Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/47

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

37

ndeiġilfiḋe sinn-ne dá mbárr..... Tá greim níos daingne agam ort, a ḟir gan ċéill! Agus ní ar ṁaiṫe leat atá an greim sin agam ort. Ní snaiḋm ṡeirce ḃí ’ġár gceangal le fada aċt snaiḋm ḋo-sgaoilte fuaṫa. Ḃí lá ann .... aċt cé’n ṁaiṫ ḃeiṫ ag cainnt faoi sin? Le bliaḋain ḃí tú ag tnúṫ le m’inġin. Ní raiḃ áird agat orm-sa—’seaḋ, naċ ḃfuil cuiṁne agat ar an lá ċaiṫ tú mo láṁ uait nuair a ṡíleas a ḃeiṫ laġaċ muinntearḋa leat? Ón lá sin ní raiḃ aon ní ag déanaṁ imniḋe dom de ló ná d’oiḋċe aċt bealaċ do ṁillte a ċeapaḋ .... Ḃí tú ag tnúṫ le Salomé ar feaḋ na bliaḋna sin. Ní raḃas féin ag tnúṫ aċt le díoġaltas! Salomé—b’í an baoite áluinn agam í! Ḃíos ullaṁ le ioḋbairt a ḋéanaṁ ḋi ar altóir an díoġaltais dá mbéaḋ gáḃaḋ leis. Aċt anois tá liom, a ṫeatrairc na Gaililí! Tá do náiṁde cuṁaċtaṁail, ní hé aṁáin san tír seo aċt san Róiṁ agus i nIarúsalem. I méid, i gcuṁaċt agus i líonṁaire ḃéas siad ag dul de ḃárr oibre na hoiḋċe áḋṁaire seo.....”

Ní raiḃ aċt dá ṫrillseán beag soluis san seómra. Briseaḋ fuinneóg le cloiċ. Múċaḋ ceann díoḃ.

“I líonṁaire ḃéas siad ag dul, a ṫeatrairc. Naċ gcluin tú luċt leanaṁna Eóin go bagarṫaċ feargaċ anois féin? Anois, ó tá sé marḃ, cuideoċaiḋ siad le do náiṁde, le ríġ Ṗetréa atá ag cur cogaiḋ ort agus leó uile. Tá eólas agat ar an bpobal Iúdaċ, ar Esiníniġ, ar Scaraiġ agus ar a ḃfuil ann díoḃ: níl giall agat anois le n-a smaċtaḋ. Tiocfaiḋ siad ort ’n-a ndeiċiḃ míle faoi arm agus faoi ḟeirg .... agus beiḋ daoine san Róiṁ, agus cuirfiḋ siad cogar i gcluais an Impire agus creidfear iad: an dóiġ leat naċ gcreidfiḋ an t-Impire go ḃfuilir ar buile agus ár agus aċrann san tír de ḃárr an amadáin a ċuir tú ċum báis?”

Ṡíleas cosg a ċur le n-a teangain, aċt ní raiḃ aon ṁaiṫ ann, a Réisín. Ní raiḃ ionnam corruiġe. Ḃí