Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/45

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

35

“Ceann Eóin Ḃaisde ar ṁéis,” ar sise.

Ba léir ḋom go raiḃ sí i ndáríriḃ. Ṫuigeas gurab é sin a ḃí uaiṫi ar feaḋ an ama agus naċ raiḃ aon ṁaiṫ ḋom a ḃeiṫ ag iarraiḋ í ḃogaḋ. Ḃí mo ḃriaṫar aici air.

Ċuireas cogar i gcluais giolla. Tugaḋ an príosúnaċ amaċ. Lean an ḃean é. Ṫosaiġ an ċuideaċta ar an ḃfleiḋ aṫ-uair. Ní baileaċ a ḃí aṁrán gaḃṫa ag duine aca go dtáinic Solomé isteaċ arís agus an ceann uasal fuilteaċ ar iomċur aici ....

D’éalaiġ an ċuideaċta uaim ’n-a ḋuine agus ’n-a ḋuine agus fágaḋ i m’aonar mé i nÁrus na ḃFleaḋ.

An raiḃ tú ariaṁ ag strapadóireaċt imeasg cnoc garḃ fiaḋain, tuirse ort agus ocras agus tart, agus súil agat go n-éiriġeaḋ leat fóirṫín ḟáġáil dá ḃféadṫá na cosa taḃairt leat, agus annsin ar ṡroiċint na háite a’ raiḃ súil agat le caḃair gan aon ní ḟeiceál aċt aiḃéis duḃ doiṁin naċ raiḃ sé ’do ċumas a ṫreasnuġaḋ? Is amlaiḋ ḃí an sgéal agam-sa an oiḋċe sin. An ríoġaċt mór, an cuṁaċt, an ċáil, an ċliú ċonnaiceas im’ aisling, sgapaḋ orm iad mar sgaptar ceó roiṁ ġréin na maidne....


∗             ∗

Is tráṫaṁail a ċuir tú an ċeist, a Réisín: goidé an gnóṫa ḃí ag maiġdin óig mar í de ċeann fuilteaċ ḋá ṡaġas, an eaḋ? Ní le n-a haġaiḋ féin d’iarr sí an aisge sin. Ní raiḃ ḟios agam an oiḋċe sin é, aċt tá ḟios agam anois é, monuar! Is iomḋa sgéal sgéil a ḃí ag gaḃail ṫart faoi obair ṁilltiġ na hoiḋċe sin, agus is féidir gur ṡroiċ ceann díoḃ na réagúin allta ’n-ar ċaiṫ tusa do ṡaoġal le fada d’aimsir: aċt ná creid aon ċeann díoḃ. Is agam-sa agus is agam-sa aṁáin atá fírinne an sgéil. .... foiġid, a Réisín! Leig dom é innseaċt ḋuit ar mo ḃealaċ féin.