Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

20

ḋóiḃ agus ní ró-ḟada go raiḃ sluaġ mór ag eisteaċt le n-a ċuid cainnte ar ḟaiṫċe an ḃaile.

Ḃí sé ’n-a ṡeasaṁ ar ṫulċán íseal agus a ulċa ḟada ḃán ag imṫeaċt le gaoiṫ. Ḃí fearg ’n-a ġlór agus dílseaċt ’n-a ṡúil.

Ċuala an coiṁṫiġeaċ óg a ḃí ’n-a ṡeasaṁ ar imeall an tsluaiġ a ġlór. Ċuala Matan agus Coba é, agus iad ’n-a seasaṁ, duine acu ar gaċ aon taoḃ den ċoiṁṫiġeaċ.

“A ḃráiṫre, séanaiḋ an t-aċrann: a ḃráiṫre, ó ċreideann siḃ i Mac an Duine a fuair bás ar ḃur son: a ḃráiṫre, ó ċreideann siḃ san Tiġearna d’éiriġ ó ṁarḃaiḃ.....

D’ḟan sé tamall beag ’n-a ṫost. Ḃí sé ag féaċaint i dtreó an ċoiṁṫiġiġ óig.

“A ḃráiṫre, má tá éinne ’n-ḃur measg atá lag ’sa gcreideaṁ—agus is cosaṁail ón aċrann a ḃí ar siuḃal ’n-ḃur measg go ḃfuil—níl ar an té sin aċt ceist a ċur ar an ḃfear úd ṫall.....”

Ṡín sé a ṁéar i dtreó an ċoiṁṫiġiġ óig a raiḃ aġaiḋ an ḃáis air.

“......níl ar an té atá lag sa gCreideaṁ aċt ceist a ċur ar an ḃfear úd ṫall a tógaḋ ó ṁarḃaiḃ tré cúṁaċt Ċríost. Glaoḋaim ort, a Lasarus ...”

Aċt ḃí an coiṁṫiġeaċ óg éaluiġṫe....


∗             ∗

D’ḟéaċ Coba ar Ṁatan.

“Fuaireas balaṫ an ḃáis uaiḋ ’ċ uile uair ċeapas póg a ṫaḃairt dó,” arsa Coba—aċt cé ċreidfeaḋ a leiṫéid de ṁnaoi?