Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/111

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

101

Nuair a ḃí an uile rud i gcóir, ċuaiḋ an ceárdaiḋe isteaċ sa teampall ’na aonar le dearcaḋ ar obair a láṁ, leis an saoṫar mór dá dtug sé a ċroiḋe tráṫ a ṁion- sgrúduġaḋ. Ḃí saoṫar a ṡaoġail ós a ċoṁair annsiúd, agus d’ḟan sé ann i gcaiṫeaṁ na hoiḋċe ag féaċaint air agus ag maċtnaṁ air, agus ar a ṡaoġal. An ceapaḋ, an smaoineaḋ mór a ṫáinig ’n-a ċeann i dtosaċ sul ar ṫosuiġ sé ar an obair ba léir ḋó nár éiriġ leis an ceap sin a ċur i ngníoṁ. Ba léir agus ba ṡoiléir ḋó sin. Loic sé. Cé’n fáṫ? Ċuir sé a ṡaoġal ḋe i n-aṫ-uair agus é leis féin san teampall mór uasal. Gaċ smaoineaḋ dá dtáinig ’na ċeann, gaċ deaġ-ġníoṁ agus gaċ droċ-ġníoṁ dá ndeárna sé ó ṫosuiġ sé ar an obair, ċuir sé trí n-a ċéile iad. Ḃí an uaisleaċt ann an uair sin, agus an óige; agus do ṫuig sé go beaċt cé mar ṫráiġ an uaisleaċt uaiḋ agus cé mar ṫuill an ísleaċt; do ṫuig sé cé mar haṫruiġeaḋ a ṡaoṫar de réir mar haṫruiġeaḋ a ṁeón agus a ċroiḋe agus a anam féin.....

Ar maidin ṫáinig an rí agus a luċt coṁairle. Ṫáinig ríġte as tíorṫaiḃ i gcéin. Ṫáinig an pobal, gan ainm i mbéal aon druinge díoḃ aċt ainm an ċeárdaiḋe ṁóir a ḃí i n-ann an ċloċ ḟuar a ḃeóḋaḋ; aċt nuair a ḃain an rí an brat don saoṫar mór dealḃadóireaċta, ní dealḃ cloiċe a ḃí le feiceál ag na ríġtiḃ ná ag an sluaġ aċt dealḃ feóla....

Ḃí an ceárdaiḋe ’na ṡuiḋe ar ċloiċ ann, agus an doilġeas agus an brón mór agus an briseaḋ croiḋe le taḃairt faoi deara i ngaċ ball dá ḃallaiḃ, i ngaċ cor dá coraiḃ; agus an saoṫar dá tug sé a ċroiḋe tráṫ, ḃí sé n-a smidiríniḃ ’na ṫimċeall ....

Agus an ḃean úd a ṁill an saoġal agus an saoṫar air ....aċt sin sgéal eile.