Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

AN ĊÉAD ĊLOĊ.


Ḃí cáil ṁór ar Alastar Ciotaċ i sgoileannaiḃ na hAiṫne sul má raiḃ sé deiċ mbliaḋna fiċead d’aois. Ḃí baraṁail ag a lán d’oidíḃ agus de luċ múinte go sáróċaḋ sé na fir ba ṁó cliú le feallsaṁnaċt dá raiḃ i gcríoċaiḃ na nGréagaċ fán am sin; agus do ṁoladar ḋó turas a ṫaḃairt ar ṫíorṫaiḃ an Oirṫir le eólas ḟaġáil ar ḟeallsaṁnaċt aiṁréiḋtiġ na réagún úd. Ṫug sé an turas, aċt níor ḟill ariaṁ ar Ċaṫair na hAiṫne. Má’s long-ḃriseaḋ ṫárla ḋó ar ḃrollaċ na mara fíoċṁaire, nó má’s é an talaṁ a ṡlug é, ní héol dúinn-ne é, arsa sean-uġdar éigin. Ar ċaoi ar biṫ níl tuairisg dá laiġead le faġáil air i n-annálaiḃ a ṫíre ó d’ḟág sé a ċaṫair ḋúṫċais.

Ba ṁór an ċailleaṁaint d’ealaḋain na feallsaṁnaċta an sgoláire óg sin imṫeaċt as a ṫír ḋúṫċais, aċt ba ṁór an soċar d’ealaḋain na filiḋeaċta é. Go dtí le fíor- ġoirid, níor ceapaḋ go raiḃ aon ḃaint ag an ḃfile maiṫ a ċeap “A ḃean ar ḃruaċ an ḟuaráin” agus a ḃíoḋ ag taisdeal na gcríoċ deórata atá ar imeall ṫoir na Mara Móire leis an ḃfeallsaṁnaiḋe óg a ṫug an turas ar ċoṁairle luċt a ṁúinte. Aċt ḃí. B’é an fear ceannḟionn céadna é; an ċaoi ar ṫréig sé ealaḋa na feallsaṁnaċta ar an ḃfiliḋeaċt—sin é aḋḃar mo sgéil-se.

Lá buiḋe broṫallaċ ḋó ar an maċaire leaṫan garḃ cloċaċ atá ṫiar ó ḋeas ó ḃaile Hebrón i gcríċ Iúdéa, ṫarla ar ṫobar breáġ fíoruisge é san áit a dtugtar Beerseba air indiu. Ó ḃí bealaċ trom fada aiṁréiḋ