Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/109

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

99

sa san oċtṁaḋ caibidil déag dá leaḃar,” ars’ an sean- uġdar Síneaċ, “ní iongnaḋ liom gur ġéill sé ḋi.”

I gceann dá lá ní ar an saoṫar mór dá dtug sé a ċroiḋe ḃí sé ag obair aċt ar ḋeilḃ ḃig ṡuaraiġ d’ḟéadfaiḋe a ḋíol go réiḋ san gcaṫair; agus ó fuair sise a céad ḃlaiseaḋ de ṁilseán an tsaoġail ba ṁinic a triall ar an gcaṫair ċéadna sin agus dealḃ éigin de na dealḃaiḃ ċuir sí iallaċ ar an gceárdaiḋe a ṁúnlaḋ ḋi ar iomċur aici.

Lón anma do ṁnaoi áluinn an molaḋ. Molaḋ san gcaṫair í. Dá ḃféadfaḋ sí coṁnaiḋe sa gcaṫair, ḃeaḋ filí agus aos ceóil agus aos ealaḋan na caṫraċ ag bailiuġaḋ ’na timċeall dá molaḋ agus dá síor-ṁolaḋ, ag canaḋ duanta agus fonn ḋi.... aċt ḃí ’ḟios aici naċ ḃfeadfaḋ sí an ceárdaiḋe ṁeallaḋ leiṫi isteaċ sa gcaṫair gan duaḋ. Goidé an baoite a b’ḟeárr d’ḟeilfeaḋ don obair? Ċuir an ċeist sin imniḋe ṁór uirṫi, aċt sa deireaḋ do ṁeas sí naċ ḃféadfaḋ sí aon ḃaoite ḟaġáil dob’ ḟearr ná í féin.

“Tá fúm sgaraḋ leat,” ar sise leis lá; “ní áil liom an fásaċ fiaḋain seo. San gcaṫair a ċoṁnóċas mé feasta, agus ṫáinig na frasa deór bréagaċ ó n-a súiliḃ duḃa lonnraċa.

Aċt níor sgaradar le ċéile. Do ṫréig an ceárdaiḋe an doire coille; do ṫréig sé a ṡean-ċoṁluadar, na míolta beaga sgiaṫánaċa a ṫigeaḋ ar cuairt ċuige d’oiḋċe; do ṫréig sé aoiḃneas na coille agus do ṫrialla- dar beirt ar an gcaṫair.

Mo ṫruaiġ an fear a ḃeireas na seaċt ngráḋ do ṁnaoi!

V.

Aċt an saoṫar mór dá dtug sé a ċroiḋe!

Lean sé don obair go maiṫ, aċt ḃí an sean-ḟuinneaṁ imṫiġṫe. Ḃí an sean-tsaoġal fágṫa ’na ḋiaiḋ aige.