Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/107

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

97

Ṫuit sgamall ar an ndeilḃ. Beiṫeaḋaċ éigin ón gcoill a ṫáinig sa doras agus a ḃain solus na gealaiġe ḋe, sin a ċeap sé.

Ṫóg sé a ċeann. Ní beiṫeaḋaċ coille ḃí ann aċt .... ní bean a ḃí aige ann ċeap sé, aċt gein oiḋċe nó coille, aṁail na míolta eile ṫigeaḋ ar cuairt ċuige. Aċt is ar éigin nár ḃain áilneaċt na mná (má’s bean a ḃí innti) an ċiall ḋe. Réaltóga lonnraċa b’eaḋ a súile; néalta tóirniġe oiḋċe b’eaḋ a folt; a cuma agus a dealḃ, do ṡíl an ceárdaiḋe naċ ḃféadfaḋ an ċuma agus an dealḃ sin a ḃeiṫ ar an saoġal aċt aṁáin i smaointe duine. Ċuir áilneaċt na mná imeagla air. Dá ḃfeadfaḋ sé cuid den áilneaċt a ġoid uaiṫi i gcoṁair a ṡaoṫair! Aċt ní bean ṡaoġalta a ḃí aige ann aċt bean aislinge; nuair a d’imṫiġeaḋ an oiḋċe, d’imṫiġeaḋ sise ċoṁ maiṫ.

Aċt ṫáinig an ċéad léas de ṡolus an lae, agus níor imṫiġ sí, aċt í ’na suiḋe sa raiṫniġ ag dearcaḋ air le n-a súiliḃ lonnraċa.

“’Siad na déiṫe ṡeól ’mo ṫreó í le ḃeiṫ ’na múnla céirde agam le mo ṡaoṫar agus le mo ṡaoġal a ṁaisiuġaḋ,” ars’ an ceárdaiḋe leis féin. Agus ṫug sé na mílte beannaċt do na déiṫiḃ gur éisteadar le n-a ġlór, gur ċaḃruiġeadar leis i n-uair a ġáḃaiḋ.

An ḃean a ḃí i ḃfolaċ air san marmar ċruaiḋ ba ġeárr an ṁoill air í noċtaḋ, ó ḃí sise aige le caḃruġaḋ leis....

IV.

Tá sliġe ṁór tráċtála idir príoṁċaṫair na nAibitíneaċ agus Aramana atá i gcríoċ an Ṗártiġ. Níl lá sa mbliaḋain naċ ḃfeictear ceannaiḋṫe ar an tsliġe sin le n-a gcuid cáṁall agus le n-a gcuid asal agus le n-a gcuid múillí agus earraiḋe iongantaċa le díol aca. Síodaí míne siosgarnaċa ó ṫír na hAraibe; srólta boga sleaṁna ón tSín; cloċa buaḋa ó ṫíorṫaiḃ allta reóite