Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/101

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

91

an aġaiḋ é sílṫeá dá mbeaḋṫá gan ’ḟios a ḃeiṫ agat gur ag mugaḋ-magaḋ ḃí sé ar feaḋ an ama. Is beag ceapaḋ ḃéaḋ ag an té ḃeaḋ ag dearcaḋ air naċ raiḃ ’sna cleasaiḃ gráḋa ḃí ar siuḃal aige aċt cleasaiḋeaċt ḃréagaċ, agus gur ċleaċtaiġ sé iad le gráḋ dá ealaḋain, do’n ealaḋain nuaiḋ sin ar a dtug sé bean-eólas, agus ní le gráḋ do’n ṁnaoi a ḃí le n-a ais.

Mo léan agus mo ġéar-ḃrón an seadaire cróḋa calma sin a ċuir briseaḋ agus ruaig ar na Pártiġiḃ a ḃeiṫ ’n-a leiṫéid sin de ċás. Aċt deir mo ṁac liom.....

V.

Aċt cuirtar deireaḋ le gaċ ní ar an saoġal seo aċt aṁáin leis na déiṫiḃ le teiniḋ agus le uisge, agus cuireaḋ deireaḋ le ré na beirte ar an oileán uaigneaċ mara.

Ṫáinig an lá mór faoi ḋeireaḋ. D’éiriġ an ġrian mar d’éiriġ le gaċ lá le na haoiseannaiḃ agus ġluais léiṫi siar treasna na spéire. Ḃí sí ag dul faoi sa ḃfairrge nuair a ṫáinig ḋá ḃád de ċaḃlaċ na nAibitíneaċ i dtír ar an oileán, bád díoḃ leis an ḃfear óg a ḃreiṫ a-ḃaile agus an bád eile i gcoṁair na mná óige. Ṫáinig lasair ar an ógṁnaoi ar ḟeiceál an dá ḃád ḋi. Ḃeaḋ uirṫi sgaraḋ le rún agus le searc a croiḋe go deireaḋ aimsire. D’agair sí ar luċt na mbád iad a ṁarḃuġad, iad a ḃáṫaḋ i n-aon ṁála aṁáin, iad a ḋíbirt go fásaċ éigin..... A Ṡíneaċa an tsóġa, ní féidir liom an ċaint aduḃairt an ḃean sin a sgríoḃaḋ le náire, agus le heagla naċ gcreidfiḋe mé; aċt níorḃ’ aon tairḃe ḋi an ċaint. Ḃí a ndualgas le coiṁlíonaḋ ag luċt na mbád. Rugadar uirṫi agus sgaoileadar an greim daingean cruaiḋ ḃí aici ar an ḃfear, leig sí aon streanacán aṁáin guil aisti agus ṫuit sí marḃ ar an láṫair.....


∗             ∗