Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

8

d’aon ḃuille aṁáin do rinne ḋá leiṫ de’n ċlogad iarainn do ḃí air. Ḃí bárd de Ċloinn Doṁnaill dar ḃ’ ainm Iain Lom Mac Doṁnaill ag féaċaint ar an gcaṫ soin gur ċan sé an laoiḋ ag maoiḋeaṁ an ċaṫa. Níor cailleaḋ aċt beirt nó triúr de ṡluaġ Ṁontrós, siúd is nár ṁó a raiḃ beó ḋíoḃ roiṁ an gcaṫ ná a raiḃ marḃ de ṁuintir Ṁic Ailín Ṁóir ’na ḋiaiḋ. Do rinne Montrós máidseoir-ġeinearál d’Alasdar an lá soin.

Annsoin ċuaiḋ Montrós agus Alasdar soir go Dún Dé agus ṫugadar amus ar an gcaṫair sin. Ṫáinig sluaġ mór de Ġallaiḃ ’na n-aġaiḋ agus b’éigean do Ṁontrós géilleaḋ rómpa agus dul ar ais isna Garḃ- Ċríoċaiḃ. D’imṫiġ Alasdar san áird ṫiar ag creaċaḋ dúiṫċe Cloinne Caimbéal go dtáinig ċuige Sir Laċlann Mac Gilleáin, aon ċéad déag líon a ṡluaiġ. D’ḟilleadar soir i ḃfoċair Ṁontrós. Casaḋ an t-arm Gallda leó ar Alt Éirinn i n-aice Inḃir nArann. Ṫug Montrós an ḃrataċ ríoġḋa le n-a ċoiṁéad d’Alasdar mac Colla Ċiotaiġ, agus ṫug ceiṫre ċéad coisiḋe ḋó agus d’orduiġ ḋó gan gluasaċt as an láṫair i raiḃ sé. Aċt níor leig a ċroiḋe ḋó fuireaċ ó’n troid agus do ċuaiḋ amaċ i n-aġaiḋ na nGall. Aċt ċeana do luiġ trom-ṡluaġ na nGall go dlúṫ air agus do ṫiomáin ar a ċúlaiḃ é. B’é dlús an ċoṁraic sin go raiḃ píciḋe na nGall i ḃfastóḋ i sgiaṫ Alasdair nó gur ġearr sé na cinn díoḃ de ḃéim ċlaiḋiṁ. Do ḃris sé an claiḋeaṁ agus tugaḋ claiḋeaṁ eile ḋó. Ṫug sé ionnsaiġe ar na Gallaiḃ an aṫ-uair. Fá ḋeireaḋ do ḃris an caṫ ar Ġallaiḃ agus do ṫuit trí míle fear aca san ár. An naoṁaḋ lá de’n Ḃealtaine, sa ḃliaḋain 1645, do cuireaḋ an caṫ soin Ailt Éirinn.

An dar lá de ṁí Iúil (nó deireaḋ saṁraiḋ) do ḃris Montrós caṫ eile ar ṁuintir an Ċoiḃinint i nAlṗort. Ní raiḃ Alasdar Mac Doṁnaill sa ċaṫ soin, aċt ḃí an ċuid eile de’n ḃuiḋin Éireannaiġ ann, agus cailleaḋ