Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

5

II.

Cúig lá ḋóiḃ ag taisdeal na fairrge gur ġaḃadar calaḋ i sunda na hÍle, agus roinnt laeṫe ’na ḋiaiḋ sin ċuadar i dtír i nÁrd na Murċon. Ṡaoileadar ag teaċt i dtír ḋóiḃ go n-éireoċaḋ an Ġaeḋealtaċt go léir amaċ i n-aġaiḋ an Ċoiḃinint aċt Clann Duiḃne nó Muintir Ċaimbéil aṁáin. Ní mar sin ṫárla, áṁ. Ḃí Mac Coinniġ Iarla Síoṫṗuirt tar éis na síoṫa do ṫréigean agus gaḃáil le muintir an Ċoiḃinint. Rinne Marcus Montrós agus Marcus Huntlí iarraċt ar ċogaḋ do ṫógáil, aċt do ṁeaṫ orra araon agus ní raiḃ cor asta an tráṫ ṫáinig Alasdar agus an ḃuiḋean Éireannaċ i nAlbain, gurab í coṁairle ar ar ċinneadar dul ar ais ċum na long agus teaċt a-ḃaile go hÉirinn,

Is aṁlaiḋ fuaradar na longa agus iad go léir dóiġte ag Mac Ailín Mór (Marcus Airir-Ġaeḋeal) ag féaċaint an ḃfuiġeaḋ sé na hÉireannaiġ do ġaḃáil i sás agus do sgrios amaċ go huiliḋe. Níor ḃ’ḟeirrde ḋó, áṁ, an ḃeart soin. Nuair ċonncas d’Alasdar naċ raiḃ dul as aige is é rud do rinne sé ionnsaiġe do ṫaḃairt ar ḋá ċaisleán ḃí ag Mac Ailín Mór gur ġaḃ sé láiṫreaċ iad de ġin ċlaiḋiṁ. Annsoin do ġluais sé roiṁe soir fá’n tír go rángadar Báideanaċ i gcríoċaiḃ Cloinne Catáin gur éiriġ cáċ amaċ leó. As sin do ċuadar go hÁṫ-Fódla, an áit i dtáinig ċuca Montrós do ḃí ina árd-taoiseaċ ar arm Ríoġ Séarlus i nAlbain. Do ḋíriġ Montrós ar Ṗeirt, agus ag teaċt i ngar do’n ċaṫair sin dó, fuair sé arm na nGaeḋeal roiṁe, oċt míle coisiḋe agus oċt gcéad marcaċ líon a sluaiġ. Ní’l cunntas agam ar an méad do ḃí i n-arm na nGaeḋeal, aċt ní baoġal a ráḋ naċ raiḃ a leaṫ-oiread soin ann. Do ċuir Montrós na hÉireannaiġ i gceart-lár an ċaṫa agus iad roinnte i dtrí buiḋniḃ, agus Alasdar mac Colla ina ċeannṗort