Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

xx.

"Unlike his opponents he observed scrupulously the etiquette of war; he never put a prisoner to death, not even when his dearest friends were being murdered by the Estates," l. 288.

Is tuigṫe ḋúinn fós go raiḃ áirdṁeas aige ar a ṡaiġdiuiríḃ Éireannaċa. féaċ mar do ġlaoiḋ sé ar Ṁaġnus Ó Caṫáin i gcaṫ na Fioḋḃaiḋe nuair dob’ eagal leis go mbrisfiḋe an caṫ air agus a ṫaoḃ féin i nguais agus i ngáḃaḋ. Féaċ leis mar do laḃair sé ar Alasdair i gcaṫ Ailt Éirinn ar ṡliġe gur ċuir se oiread meisniġ agus meanman i n-a arm uile go léir is gur ḃuaḋadar ar an náṁaid: “Is mór an náire dúinn,” ars’ eisean, “an t-aon duine ag taḃairt ar gclú ḋínn do ġnáṫ, inar ḃristear ar an uile náṁaid roṁainn — ag sin Alasdair ag breiṫ buaḋa ar an ṁuintir do ḃí os a ċoṁair féin don ċaṫ agus tugaiḋ-se an adḃannsa go gléasda grod-aṫlaṁ.”

Ní hé gnó an leaḃair seo Marcós Muntrós do ṁolaḋ, aċt dob’ éigean dúinn an méid sin do ċur síos ’na leiṫ agus gurab sgoṫ fir a ḃí ann, fear naċ tagann ar an tsaoġal aċt go hannaṁ. Agus cé gurab é ár ngnó-ne i láṫair cuiṁniuġaḋ do ḋéanaṁ ar ḟear eile, caiṫfimíd a adṁáil gur ḃ’ḟearr d’ḟear an Marcós ná Alasdair féin. Níor ḃ’ḟéidir “toċras ar a ċeirtlín féin” do ċur i leiṫ Muntrós, aċt tá eagla orm gurab é an galar intinne sin do ḃain do ṁac Colla ag dul go Cinntíre ḋó ċum é ḃaint de Ċlainn Duiḃne.

Níor ḃuaiḋ Muntrós an caṫ deireannaċ tugaḋ i gCarbasdal, toisg naċ raiḃ arm ceart aige agus a ráḋ naċ raiḃ Loċlannaiġ agus a slioċt i nInsiḃ Orc coṁ maiṫ ná coṁ calma de ṡaiġdiuiríḃ le Gaeḋealaiḃ Éireann agus Alban.

’Sé monuair é! Do milleaḋ go heasonóraċ le Coṁairle na hAlban é, a n-abair Niall Mac Ṁuireaḋaiġ. Dá ḃfanaḋ Alasdair le n-a ċois, ní ġeoḃaḋ an íde sin é.