Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

xvii.

sé cróḋaċt agus calmaċt do ġnáṫ, aċt ba ṁór an fear é i méad coṁ maiṫ céadna. Dá ḃfanaḋ sé i gcaḃair Ṁuntrós go deireaḋ an téarma, ní baoġal naċ buaḋfaiḋe ag an mbeirt sin ar an náṁaid fós i gcoṁnaiḋe. Alasdair dá ṫréigean ṫug oiḋeaḋ Ṁuntrós. Dá seasaḋ sé taoḃ leis, ḃí a ṁalairt de ċríċ ar an marcós. Aċt ní faġtar saoi gan loċt: an té atá láidir, ní ḃíonn sé glic i gcoṁnaiḋe; agus dá ṁéad an loċt sain ar Alasdair, is fiú ḋúinn cuiṁniuġaḋ do ḋéanaṁ air, agus a ḟeaḃas de laoċ é le n-a linn féin.

SEOSAṀ LAOIDE.