Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Réiṁsgéal.


Ba ṁór le ráḋ Alasdair mac Colla Ṁic Ḋoṁnaill lá dá raiḃ, agus máireann a ċáil agus a ċlú i Raċlainn agus i nGaeḋealtaċt Alban go dtí indiu féin. Ba de ṡean-ḃunaḋ Íle Alasdair, agus ba ṁac é do Ḋoṁnallaċ ó Ċolḃannsáiġ. Ba ṡean-oncail dá aṫair. Soṁairle Buiḋe Mac Doṁnaill, aṫair ċéad Iarla Aontroma. Ḃí Doṁnallaiġ Aontroma i ngaol gairid dá ṁuintir féin .i. do Ḋoṁnallaiġ Íle agus Ċinntíre, agus an fóirneart agus an fóiréigean d’imir Clann Duiḃne nó na Caimbéalaiġ ar an aiṫ-ḟine d’ḟág sé rún díoġaltais ’na n-aġaiḋ sin i gcroiḋe na nDoṁnallaċ ar gaċ taoḃ de Ṡruṫ na Maoile.

Tá an méid sin eoluis agus tuilleaḋ ar faġáil go réiḋ i leaḃar an-deas do sgríoḃ uġdar Albanaċ Gallda darab ainm as Béarla John Buchan. ’Sé an teideal atá air The Marquis of Montrose agus i n-uraiḋ do cuireaḋ amaċ é ó ṫiġ Nelson and Sons. Uġdar cóir ceart is eaḋ é, fear a ṁolas Alasdair agus a ṡaiġdiúirí Éireannaċa go hárd agus naċ faġann loċt ar Alasdair féin aċt fá mar a ṫuill sé é. Ní leigim díom don ċor so gan roinnt dá aḋṁoltaiḃ do ḃaint as a leaḃar, ionnus go dtuigfeaḋ Gaeḋil Éireann caidé a ṁéid de ṫroid agus de ċalmaċt a rinne na hÉireannaiġ i nAlbain agus Alasdair agus Maġnus Ó Caṫáin i n-a gceannas.

Seo mar ṫráċtann Buchan ar na saiġdiúiríḃ féin:

"Alastair’s Ulstermen were regular soldiers, inured to discipline, and seasoned by hard campaigns, and they had the advantage of bearing firearms. But these firearms were old matchlocks, and the stock of ammunition was so low that only one round remained for each man” (.i. roiṁ caṫ Ṫiobair Ṁóir) L. 85.

xiii.