Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Uġdair an Leaḃair Seo.


Ní gáḋ ḋam tráċt do ḋéanaṁ ar Eoin Ṁac Néill agus a ḟios ag an saoġal Fódlaċ cé hé féin. Tá ’ḟios againn go léir gur clisde an fear é agus naċ ceart dúinn a ṫuilleaḋ cainte do ḋéanaṁ ar ḋuine beó.

NIALL MAC ṀUIREAḊAIĠ.

Do ṁair an sgríḃneoir seo san seaċtṁaḋ aois déag agus i dtús na haoise ’na diaiḋ sin. An méid do ḃaineamair-ne as a leaḃar staire, do sgríoḃaḋ é, mar saoiltear, roiṁ an mbliaḋain 1700.

Síol Muireaḋaiġ ó’ dtáinig an Niall so, do ḃídís ’na sean-ċaiḋṫiḃ ag Cloinn Raġnaill (.i. Doṁnallaiġ na nOileán nó inse Gall). Do ḃíoḋ dúṫaiġ nó aṫarḋa aca i nUiḃist Ṫeas, oileán d’Insiḃ Gall. Do ṡíolruiġeadar ó Ṁuireaḋaċ Ó Dálaiġ, file mór do ḃí i nÉirinn tuairim le tús na bliaḋna 1200. Miḋeaċ dob’ eaḋ an file seo, agus nuair a ḃí sé ’na ċoṁnuiḋe i lios an Doill i gCondae Ṡligiġ ṫáinig idir é féin agus Ó Doṁnaill, i gcaoi gur ḃ’éigean dó teiċeaḋ. D’éis Éire do ṡiuḃal agus gan cosnaṁ aige ar Ó nDoṁnaill do ċuaiḋ Muireaḋaċ go hAlbain agus tá slioċt air sa tír sin go dtí indiu féin. Innistear gur ṁaiṫ Ó Doṁnaill dó fá ḋeireaḋ, agus go dtáinig sé ṫar a ais go hÉirinn.

’Sé an cuspóir do ċuir Niall Mac Ṁuireaḋaiġ roiṁe, ag sgríoḃaḋ staire cogaiḋ Ṁuntrós agus Alasdair dó, ceart do ṡeasaṁ do Ġaeḋealaiḃ, do ḃríġ nár adṁuiġ sgríḃneoirí an Ḃéarla méad na seirḃíse do rinneadar Gaeḋil Éireann agus Alban ins an ċogaḋ sain. Ḃí sé ar a ċumas, dá mb’áil leis é, sgríoḃaḋ i mBéarla, aċt do ġaḃ sé do roġain úsáid do ḃaint as a ṫeangaiḋ féin .i. an Ġaeḋilg, agus is mór is ionṁolta é dá ċionn.

Ba den treiḃ ċéadna Caṫal Mac Ṁuireaḋaiġ go ḃfuil cuid dá ḋéantúsaíḃ i ndán san leaḃar so. Do ṁair sé seo sa ċéad leaṫ den seaċtṁaḋ aois déag.

S. L.