Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/92

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
82
Sliaḃ na mBan ḃFionn

16. Féaċ air sin! Ar ċuir an ríogan féin an ċeirṫlín fé ġeasaiḃ? 17. Caṫain? 18. Cad é an níḋ eile ar ar ġlaoiḋ sí? 19. Cad duḃairt roṫ an turainn? 20. Cé uaiḋ go ḃfeadfaḋ sé cead ḟáġail ċun corruiġe. 21. Ar ġlaoiḋ sí ar an sraing? 22. Cad é an freagra a fuair sí? 23. Ar ġlaoiḋ sí ar an dtromán ansan? 24. Agus cad ’na ṫaoḃ nár osgail an tromán an dorus? 25. An raiḃ ar a ċumas an dorus osgailt? 26. Cad ’na ṫaoḃ? 27. Ar ċomáineadar leo mar sin ag glaoḋaċ ar gaċ aoinníḋ a ḃí istiġ ċun an doruis d’osgailt. 28. An raiḃ aon tairḃe ḋóiḃ ann? 29. I ndeire bárra ar ċuíṁinuiġdear ar rud a ċeapadar a d’osgalóċ’ an dorus dóiḃ? 30. Ar cuireaḋ riaṁ an rud san fé ġeasaiḃ? 31. Ar ḃféidir é ċur fé ġeasaiḃ? 32. Cad ’na ṫaoḃ? 33. Cad é an rud é i n-ao’ċor? 34. Uisge na gcos! agus ar osgail sé an dorus dóiḃ? 35. Caṫain a ċaiṫ sí an dorus amaċ é? 36. Nár ṁaiṫ an cuíṁneaṁ aici é? 37. An raiḃ sí ró-ġlic dóiḃ? 38. Agus nár ṁór di ḃeiṫ! 39. Nuair a ġlaoiḋ an ḃean amuiġ ar uisge na gcos cad é an freagra a fuair sí? 40. Ar airiġis riam nár ċeart uisge na gcos ḟágaint istig istoiḋċe? 41. Ar airiġis go raiḃ baint éigin aige leis an sluaġ síḋe? 42. Agus ar ṫugais fé ndeara gur ċuir bean an ḃréidín gaċ aoinníḋ i n’ait féin agus gur ċaiṫ sí amaċ an t-uisge salaċ, ’sé sin uisge na gcos? 43. Náċ dóiġ leat ná go raiḃ tiġ slaċtṁar aici ansan? 44. Seaḋ! Cad a ṫuigeadar nuair a fuaradar an freagra san ó uisge na gcos? 45. Agus cad a ḋeineadar? 46. An dóiġ leat go raḃdar go sásta ’na n-aigne ag imṫeaċt dóiḃ? 47. Cá ḃfuilid siad anois? 48. Ar ṫánadar anuas a ṫuille?