Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/90

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
80
Sliaḃ na mBan ḃFionn

20. Cad a ḋein an ḃean aḃrais nuair a ḃiodar imṫiġṫe ó’u ndorus? 21. Cad a ḋein sí le heoċair an doruis? 22. Ar ċuir sí fé ġeasaiḃ í ċun an doruis do ċoimeád dúnta? 23. An stuigeann tú gríġ an ḟocail “gear"? 24. An mbaineann sé le draoiḋeaċt? 25. An dóiġ leat go raiḃ iarraċt de ḋraoiḋeaċt ag an mnaoí aḃrais féin? 26. An cuíṁin lean an biorán suain a ċuir sí i gceann an ċailín? 27. Nár ṫasbeáin san go raiḃ draoiḋeaċt éigin aici? 28. Nár ṁaiṫ an ḃail uirṫi go raiḃ ? 29. Cad a ḋein sí leis an ursal? 30. Cad í an ġeas a ċuir sí uirṫi? 31. Cad a ḋein sí leis an dtuaiġ? 32. Ar ḃ’é sin an áit ’n-ar ċeart í ḃeiṫ? 33. Ar ċuir sí gaċ aoinníḋ i n-áit féin? 34. Agus cad iad na geasa a ċuir sí orṫa? 35. Ar ċuir sí de ġeasaiḃ orṫa fanaṁaint go bráṫ mar a raiḃ acu? 36. Aċ cad eile? 37. Cé ḟuasgalóċ iad ós na geasaiḃ? 38. An raiḃ aimsir a dóiṫin aici ċun na rudaí go léir a ċur fés na geasaiḃ sar a tdáinig na mná uaisle airís? 39. Cad ’na ṫaoḃ go ndeirir é? 40. An dóiġ leat go raiḃ ana-ḟáilte aici rómpa? 41. Cad a ḋein duine acu? 42. Ar eiriġ sé léi? 43. Cad ’na ṫaoḃ?

GRAMADAĊ.

1. Cuir sa n-uiṁir uaṫaiḋ:- (a) A ċóṁarsain, ruiṫiḋ! (b) D’airiġeadar na mná uaisle ag teaċt. (c) Ċuireadar iad fé ġeasaiḃ cruaḋa gan corruiġe as a n-áiteannaiḃ.

2. Abair ar ċuma éigin eile:- (a) Siúd amaċ iad, agus iad ag baint an doruis d’á ċéile. (b) Siúd suas an cnoc iad ċóṁ mear agus ḃí sé ’n-a gcosaiḃ.