Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/82

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
72
Sliaḃ na mBan ḃFionn

33. Ar ṫug an ḃean aḃrais fé ndeara go raiḃ an oiḋċe ag imṫeaċt? 34. Ar ḃ’é sina ḃí uaiṫi? 35. Ar ṫáinig an cailín ċúiċi féin? 36. An raiḃ aon deallraṁ uirṫi go dtiocfaḋ sí ċúiċi féin go luaṫ. 37. Cad ’na ṫaoḃ nár ṫáinig sí ċúiċi féin fé mar a ṫáinig an cailín eile? 38. An raiḃ aon ċur-trí-ċéile ar an mórṡeisear mar ġeall uirṫi? 39. Cad ’na ṫaoḃ? 40. Ná féadfaidís fanaṁaint ann? 41. Cad a ḃí acu ’á ḋéanaṁ eatorṫa féin? 42. An raḃdar ag cur agus ag cúiteaṁ mar ġeall uirṫi? 43. I ndeire na cogarnaiġe cé laḃair? 44. Cad duḃairt sí? 45. An nduḃairt sí aire ṁaiṫ do ṫaḃairt do’n ċailín? 46. Cad a ġeall sí do’n ṁnaoi mar ċúiṫeaṁ? 47. An raḃdar ċun filleaḋ ṫar n-ais airís? 48. Caṫain? 49. An raḃdar ag braiṫ air go mbeaḋ an cailín tagaiṫe as an ḃfanntais nuair a ṫiocfaidís airís? 50. Agus ar ġeall an ḃean aḃrais dóiḃ go dtaḃarfaḋ sí aire ṁaiṫ do’n ċailín? 51. Nár ṁór an rógaire í? 52. Agus ná raiḃ bréag aici d’á ínsint 53. Ar ḃ’éigin dóiḃ imṫeaċt ansan roim glaḋaċ an ċoiliġ?

GRAMADAĊ.

1. Cuir isteaċ na focail atá i n-easnaṁ anso:-

(a) tá gáḋ - do ċaḃair againn. (b) ṫóg sí - a bacalainn an cailín. (c) Ḃí rud aici go dtugtí biorán suain -- (d) tiocfaiḋ codlaḋ air a ḃeiḋ ana-ċosṁail --bás.

2. “An oiḋċe ċéadna a fuair an iarlis bás." Cad is innscne do: - “oiḋċe,” “iarlis"? Cá ḃfios duit?

3. “Taḃair aire ṁaiṫ ḋi" Cad ’na ṫaoḃ go ḃfuil an ’m’ séiṁṫiġe ’sa’ ḃfocal "ṁaiṫ” agus an “ḋ” séiṁiġṫe sa ḃfocal “di”